Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 11:50 - An Bíobla Naofa 1981

50 ionas go n‑éileofar ar an nglúin seo fuil na bhfáithe uile a doirteadh ó thúsú an domhain,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

50 go dtí go n‑agrófar ar sileadh dʼfhuil na bhfáithe ó bhunú an domhain ar an nglúin seo,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

50 Chun go n-éilighthear ar an ghlúin seo fuil na bhfáidh uilig a doirteadh ó thús an tsaoghail,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

50 chum go n‐eileochar ar an gcineadh so ar doirteadh d’fhuil na bhfáidh go léir ó bhunadh an domhain;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

50 Do chum go leanfuidhe ar an gcinneadhsa, fuil na bhfáidheadh uile, do dóirteadh ó thús an domhain;

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

50 I dtreó go n-éileófar ar an sliocht so fuil na bhfáidh go léir, a doirteadh ó chruithniú an domhain.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

50 ionas go n-éileofar ar an nglúin seo fuil na bhfáithe uile a doirteadh ó thúsú an domhain,

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 11:50
11 Tagairtí Cros  

Agus rug sí an dara mac Áibil, deartháir Cháin. Aoire i bhfeighil caorach a ba ea Áibil, ach ag saothrú na talún a bhíodh Cáin.


agus chomh maith de bharr gach a raibh d'fhuil neamhchiontach doirte aige agus Iarúsailéim á líonadh aige ó cheann ceann le fuil neamhchiontach. Ní raibh maithiúnas le fáil ón Tiarna.


Canaigí don Tiarna a bhfuil cónaí air i Síón: foilsígí a éachtaí do na náisiúin;


Ná sléacht rompu agus ná déan iad a adhradh. Óir is Dia éadmhar mise, an Tiarna do Dhia, agus déanaim coir an athar a agairt ar an gclann mhac, agus ar chlann a chlainne go dtí an ceathrú glúin díobh siúd ar fuath leo mé,


Óir féach, tá an Tiarna ag teacht as a áras amach chun a n‑urchóid a aifirt ar mhuintir an domhain go léir. Tá an talamh chun an fhuil a doirteadh air a aiseag, agus ní choinneoidh sé a chuid marbh faoi chlúdach níos mó.


Óir tá scriosadóir ag teacht de ruathar ar an mBablóin, tá a fir throda gafa, tá a mboghanna briste. Sea, is é an Tiarna Dia na luaíochta; cúitíonn sé go hiomlán.”


Gearr díot do thrilse, caith uait iad. Tóg suas caoineadh ar na harda loma. Óir tharcaisnigh an Tiarna, thréig sé, ál a fhuathaíonn sé.’


Ná truailligí an talamh ina gcónaíonn sibh. Truaillíonn fuil an talamh agus níl leorghníomh ann don talamh ar son na fola a dhoirtear ann ach fuil an té a dhoirt é.


Ansin déarfaidh an rí le lucht na láimhe deise: ‘Tagaigí, a lucht bheannaithe m'Athar, glacaigí mar oidhreacht an ríocht a ullmhaíodh daoibh ó thúsú an domhain.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí