Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 10:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Agus cibé cathair a rachaidh sibh isteach inti agus go nglacfar sibh, ithigí na nithe a chuirfear os bhur gcomhair

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

8 Nuair a théann sibh isteach i mbaile mór agus go bhfáiltíonn siad romhaibh, ithigí a gcuirtear romhaibh;

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

8 Agus cibé cathair ina rachaidh sibh isteach agus go bhfáilteochaidh siad rómhaibh, ithigidh na neithe a chuirtear ós bhur gcómhair,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Ná bidhidh ag dul ó thigh go tigh. Agus cibé cathair ’n‐a rachaidh sibh, agus go nglacfar sibh, ithidh a gcurfar rómhaibh:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Agus gidh bé cathair ann a rachtáoi a sdeach, agus go ngéubhaid siád sibh, ithidh na neithe chuirid siád ann bhur bhfiadhuisi:

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Agus pé cathair n-a raghaidh sibh isteach inti agus go nglacfar sibh, ithidh na neithe a curfar os bhúr gcómhair;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

8 Agus cibé cathair a rachaidh sibh isteach inti agus go nglacfar sibh, ithigí na nithe a chuirfear os bhur gcomhair

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 10:8
6 Tagairtí Cros  

“An té a ghlacann sibhse, glacann sé mise; agus an té a ghlacann mise, glacann sé an té a chuir uaidh mé.


Ach cibé cathair a rachaidh sibh isteach inti agus nach nglacfar sibh, téigí amach ar na sráideanna agus abraigí:


agus dúirt leo: “Cibé a ghlacfaidh an leanbh seo i m'ainm, is mise a ghlacann sé, agus cibé a ghlacfaidh mise, glacann sé an té a chuir uaidh mé. Óir, an té is lú eadraibh uile, sin é an té atá mór.”


Amen, Amen, a deirim libh, an té a ghlacann aon duine a chuirfidh mise uaim, is mise a ghlacann sé; agus an té a ghlacann mise, glacann sé an té a chuir uaidh mé.”


Agus má thugann neamhchreidmheach cuireadh chun dinnéir daoibh agus gurb áil libh dul ann, gach a gcuirtear os bhur gcomhair ithigí é gan ceist ó thaobh coinsiasa.


Ar an gcuma chéanna d'achtaigh an Tiarna do lucht fógartha an dea-scéil a mbeatha a bhaint as an dea-scéal.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí