Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 10:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 agus má bhíonn mac síochána ann, fanfaidh bhur síocháin aige; ach mura mbíonn fillfidh sí oraibh féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

6 Agus má tá mac síochána ann, fanfaidh bhur síocháin air; ach mura bhfuil, fillfidh sé chugaibh arís.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

6 Agus má bhíonn mac na síothchána annsin, cómhnóchaidh bhur síothcháin air; acht muna raibh, tiocfaidh sí thar ais chugaibh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Agus má atá mac síothchána ann, fanfaidh bhúr síothcháin air: acht muna bhfuil, fillfidh bhúr síothcháin oraibh féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Agus má bhionn Mac na sióthchána annsin, do dhéannidh bhur sióthcháinsi comhnuighe air: achd muna raibh, fillfidh sí chugaibh féin a rís.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

6 Agus má’s mac síothchána a bheidh ann fanfaidh bhúr síothcháin air; murab eadh fillfidh bhúr síothcháin oraibh féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

6 agus má bhíonn mac síochána ann, fanfaidh bhur síocháin aige; ach mura mbíonn fillfidh sí oraibh féin.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 10:6
11 Tagairtí Cros  

Nuair a bhíodarsan breoite chuir mé sacéadach orm; chiapas m'anam le troscadh. Bhínn ag guí ó mo chroí orthu mar a ghuífinn


Níl teorainn lena thiarnas ná críoch lena shíocháin ar chathaoir ríoga Dháiví agus ar a ríogacht, ag cur bun agus taca leo, sa cheart agus san fhíréantacht feasta go brách. - Díograis dhílis an Tiarna a chuirfidh sin i gcrích.


Cibé teach a rachaidh sibh isteach ann, abraigí ar dtús: ‘Síocháin don teach seo,’


Fanaigí sa teach sin, ag ithe agus ag ól na nithe a bhíonn acu; óir is fiú an fear oibre a thuarastal. Ná bígí ag aistriú ó theach go teach.


Ná mealladh aon duine sibh le hargóintí baotha, mar sin iad na peacaí a tharraingíonn fearg Dé anuas ar lucht na míréire.


Tiarna na síochána é féin go dtuga sé síocháin daoibh gach uair agus gach slí. Go raibh an Tiarna libh go léir.


Síolann lucht déanta na síochána an síol a thabharfaidh fómhar na fíréantachta, go síochánta.


Dála leanaí géilliúla, ná téigí i gcosúlacht ainmhianta an aineolais ina raibh sibh cheana,


Déan do mhachnamh air sin anois agus féach cad is féidir leat a dhéanamh mar tá sé beartaithe drochíde a imirt ar ár maistir agus ar a theaghlach go léir, agus tá sé féin chomh ciotrúnta sin nach féidir d'aon duine focal a rá leis.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí