Lúcás 10:31 - An Bíobla Naofa 198131 Ach le halt na haon uaire, bhí sagart ag dul síos an bóthar sin, agus ar a fheiceáil dó, ghabh sé don taobh thall thairis. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)31 Agus tharla do shagart bheith ag siúl na slí úd; agus nuair a chonaic sé é, chuaigh sé thairis ar an taobh eile. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara31 Agus thárla go ndeachaidh sagart áirithe síos an bealach céadna, agus gidh go bhfaca sé é, chuaidh sé thart thairis. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)31 Agus tharla go raibh sagart ag gabháil síos an bealach céadna: agus nuair do chonnaic sé é do ghabh sé thairis ar an taobh eile. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)31 Agus tárla tré chinneamhain gur ghabh sagart áirighe síos sa tslighe sin: agus ar na fhaicsinsion dó, do ghabh sé thairis don táobh eile don tslighe. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)31 Agus do thárla go raibh sagart ag gabháil síos an bóthar céadna, agus chonaic sé an duine, agus bhuail sé thairis. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201231 Ach le halt na haon uaire, bhí sagart ag dul síos an bóthar sin, agus ar a fheiceáil dó, ghabh sé don taobh thall thairis. Féach an chaibidil |
Rud eile fós a chonaic mé abhus faoi luí na gréine: ní hiad na luatha a bhuann an rás, ná na croíthe crua a bhriseann cath, ná na saoithe a fhaigheann an bia, ná lucht na tuisceana a chnuasaíonn an saibhreas, ná an t‑aos léinn a thuilleann fabhar, mar tá siad go léir faoi chumhacht na drochuaire agus na cinniúna.