Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Léivític 5:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 agus tugadh sé chun an Tiarna, mar íobairt leorghnímh ar son an pheaca a rinne sé, baineannach den tread - caora nó gabhar - mar íobairt pheaca; agus comhlíonadh an sagart gnás an leorghnímh á shaoradh óna pheaca.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Agus do bhéura sé ofráil choire chum an TIGHEARNA ar son an pheacaidh do rinne sé, bainionnach ón tréud, úan nó meannán ó na gabhruibh, mar ofráil pheacaidh; agus do dhéana an sagart síth ar a shon a ttáobh an pheacaidh.

Féach an chaibidil Cóip




Léivític 5:6
13 Tagairtí Cros  

I bpóirse an gheata bhí dhá thábla ar gach taobh le haghaidh marú na híobartha dóite, íobairt an pheaca agus íobairt an chúitimh.


Dúirt sé liom: “Na seomraí thuaidh agus na seomraí theas os comhair an chlóis, is seomraí naofa iad, ina n‑íosfaidh na sagairt a thagann i láthair an Tiarna na nithe rónaofa. Ansin a chuirfidh siad na nithe rónaofa - an íobairt dhóite, íobairt an pheaca agus íobairt an chúitimh - mar is áit naofa é seo.


ansin an lá a dtéann sé isteach sa chúirt inmheánach chun freastal sa sanctóir, ofrálfaidh sé a íobairt pheaca - an Tiarna Dia a labhraíonn.


Déanadh sé leis an tarbh seo mar a rinne le tarbh an íobairt pheaca; déantar mar ar an gcéanna leis. Comhlíonadh an sagart gnás an leorghnímh ar son an phobail agus maithfear dóibh.


nó má chuireann duine éigin ar a shúile dó an peaca a rinne sé, tugadh sé leis, mar íobairt ar son an pheaca a rinne, gabhar, minseach gan mháchail.


Baineadh sé an tsaill go léir de mar a bhaintear i gcás íobairt chomaoineach agus dódh an sagart í ar an altóir, agus beidh a cumhracht taitneamhach leis an Tiarna; agus déanfaidh an sagart gnás an leorghnímh a chomhlíonadh ar a shon agus maithfear dó.


Más uan a thugann sé leis mar íobairt pheaca, tugadh sé leis ceann baineann gan mháchail.


Baineadh sé an tsaill go léir aisti mar a dhéantar leis an gcaora san íobairt chomaoineach; dódh an sagart í go léir ar an altóir ar na hofrálacha uileloiscthe don Tiarna. Sin mar a chomhlíonfaidh an sagart gnás an leorghnímh ar son an duine agus maithfear dó.


Tugadh sé chun an tsagairt mar íobairt don Tiarna, reithe gan mháchail ón tréad, arna mheas agat de réir tháille an íobairt chúitimh.


agus déanadh sé é féin a choisreacan don Tiarna i gcaitheamh a naizíreachta ar fad, agus tugadh sé uan fireann bliana mar íobairt leorghnímh. Ní chuirfear an t‑am caite cheana san áireamh, mar gur truaillíodh a naizíreacht.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí