Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Léivític 18:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Ná déanaigí amhail dhéanann siad san Éigipt mar a raibh cónaí oraibh tráth; ná déanaigí amhail dhéanann siad i gCanán mar a bhfuil mé do bhur dtabhairt. Ná géilligí dá ndlíthe.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Ní dhéantáoi do réir gníomhartha chriche na Hégipte, mar ar áitigheabhair: agus do réir oibreach thíre Cánaain, iona bhfuilim dhá bhur ttabhairt, ní dhéantáoisi: ní mó imeochtháoi lé na nórduighthibh.

Féach an chaibidil Cóip




Léivític 18:3
15 Tagairtí Cros  

lean siad nósanna na gciníocha a bhí curtha as a seilbh ag an Tiarna roimh chlann Iosrael (agus na nósanna ar chuir ríthe Iosrael tús leo).


Ach is amhlaidh a rinne siad caidreamh leis na ciníocha, go ndearna siad a ngníomharthasan a fhoghlaim.


Ná sléacht dá ndéithe, ná fónamh dóibh, ná déanamh mar iad, ach scrios ar fad iad agus bris a ngalláin ina smidiríní.


Níor thréig sí an striapachas a chleacht sí san Éigipt ina hóige nuair a luigh fir léi ag breith ar a brollach maighdeanúil agus á truailliú lena ndrúis.


Ná leanaigí nósanna an náisiúin atá á ndibirt agam romhaibh; chleachtaidís na nithe úd go léir agus uime sin tháinig an ghráin agam orthu.


Ná leanaigí patrún an tsaoil seo ach cuirigí malairt meoin oraibh féin trí athnuachan aigne ar shlí go n‑aithneodh sibh cad é is toil le Dia, cad é atá maith agus taitneamhach agus foirfe.


Ní mar sin ámh atá le déanamh agaibh leis an Tiarna bhur nDia;


agus chonaic sibh a ngráiniúlachtaí agus na híola adhmaid agus cloiche agus airgid agus óir a bhí acu ina measc.


Ná habair i do chroí tar éis don Tiarna do Dhia iad a dhíbirt romhat: ‘Is de bharr mo fhíréantachta féin a chuir an Tiarna i seilbh na tíre seo mé,’ tráth is gur de bharr a gcoirpeachta atá an Tiarna ag díbirt na gciníocha sin romhat.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí