Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Léivític 18:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Géilligí do mo reachtanna agus coimeádaigí mo dhlíthe, agus mairigí dá réir. Mise an Tiarna bhur nDia.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Do dhéantáoi mó bhreitheamhnuisi agus coimhéadfuidhe morduighthe, ag síubhal ionta: is misi an TIGHEARNA bhur Ndía.

Féach an chaibidil Cóip




Léivític 18:4
15 Tagairtí Cros  

i dtreo go gcoimeádaidís a reachtanna; agus go gcomhlíonaidís a dhlíthe. Alleluia.


Thug tú do phroiceapta dúinn go gcomhlíonfaí go beacht iad.


Is mise an Tiarna, bhur nDia. Siúlaigí de réir mo reachtanna agus comhlíonaigí mo dheasghnátha go cúramach.


Cuirfidh mé mo spiorad ionaibh agus tabharfaidh oraibh siúl de réir mo reachtanna agus mo dheasghnátha a chomhlíonadh go beacht.


Beidh Dáiví, mo sheirbhíseach, ina rí orthu, agus ní bheidh ach aon tréadaí amháin acu go léir. Siúlfaidh siad de réir mo reachtanna agus comhlíonfaidh siad mo dheasghnátha go beacht.


“Labhair le clann Iosrael agus abair leo: Mise an Tiarna bhur nDia.


Ach coinnigí mo reachtanna agus mo dhlíthe agus ná déanaigí - idir dhúchasach agus dheoraí ag cur faoi in bhur measc - aon cheann de na nithe gráiniúla sin.


Coimeádaigí mo dhlíthe agus mo reachtanna. An té a leanann iad, beidh an bheatha aige iontu. Mise an Tiarna.


Coimeádaigí mo reachtanna. Ná scaoiligí bhur n‑eallach chun dáir le malairt chineáil. Ná cuir síol measctha i d'ithir agus ná cuir ball éadaigh dhá ábhar umat.


Coimeádaigí mo dhlíthe agus mo reachtanna; leanaigí iad. Mise an Tiarna.”


Coimeádaigí dá bhrí sin mo dhlíthe go léir agus mo reachtanna go léir, agus déanaigí dá réir; ní dhéanfar ar an gcuma sin sibh a sceith den talamh a bhfuil mé bhur dtabhairt le cónaí ann.


Bhí siad araon fíréanta i bhfianaise Dé, ag tabhairt a saoil gan locht de réir uile aitheanta agus reachta an Tiarna.


Sibhse mo chairde má dhéanann sibh na nithe a ordaím daoibh.


“Seo iad dá bhrí sin an aithne, na dlíthe, agus na reachtanna d'aithin an Tiarna bhur nDia dom a mhúineadh daoibh i dtreo go gcomhlíonfadh sibh iad san fhearann dá dtéann sibh anonn chun a shealbhaithe.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí