Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iúd 1:17 - An Bíobla Naofa 1981

17 Ach sibhse, a chairde cléibh, cuimhnígí ar na tairngreachtaí a rinne aspail ár dTiarna Íosa Críost;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

17 Ach cuimhnígí, a lucht na páirte, ar na briathra seo atá ráite roimh ré ag aspail ár dTiarna Íosa Críost;

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 Acht, a cháirde ionmhaine, bidhidh‐se ag cuimhneamh ar na briathraibh do labhair abstail ár dTighearna Íosa Críost roimhe seo;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

17 Gidhéadh, bíodh coímhna aguibhse a chaired, ar na bríathruibh noch do labhradar apsduil ar Dtíghearna Iósa Críosd roimhe só;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

17 Ach sibh-se, a chairde cléibh, cuimhnígí ar na tairngreachtaí a rinne aspail ár dTiarna Íosa Críost;

Féach an chaibidil Cóip




Iúd 1:17
8 Tagairtí Cros  

Chuir mé ar bhur súile daoibh i gcónaí gur ag obair mar sin ba cheart cabhrú leis na laga agus cuimhneamh ar ráiteas úd an Tiarna mar a ndúirt sé gur mó is méanar rud a thabhairt uait ná rud a fháíl.”


Is foirgneamh sibh a bhfuil na haspail agus na fáithe ina mbunsraith faoi agus Críost Íosa féin ina chloch chinn chúinne aige.


Agus is eisean a thug do dhaoine áirithe bheith ina n‑aspail, do dhaoine eile bheith ina bhfáithe, do dhaoine eile bheith ina soiscéalaithe, agus do dhaoine eile fós bheith ina n‑aoirí agus ina múinteoirí,


conas a éalóimidne as má bhímid ar nós cuma liom faoina chomhmhór sin de shlánú [agus a gealladh dúinn]. Óir is trí bhéal an Tiarna a fógraíodh é ar dtús agus deimhníodh dúinn é ansin tríd an muintir a chuala é.


go mbeadh cuimhne agaibh ar na ráitis a thug na fáithe beannaithe roimhe seo, agus ar aithne an Tiarna agus an tSlánaitheora a tugadh trí bhur n‑aspail.


Is ó Dhia dúinne. An té a aithníonn Dia éisteann linn, agus an té nach ó Dhia dó ní éisteann. Mar sin a aithnímid spiorad na fírinne thar spiorad na hearráide.


A chairde cléibh, bhí an-fhonn orm scríobh chugaibh faoin slánú ina bhfuilimid páirteach; agus b'éigean dom scríobh chugaibh á impí oraibh troid go dian ar son an chreidimh a seachadadh aon uair amháin do na naoimh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí