Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 9:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 An pobal a bhí ag siúl sa dorchadas, chonaic siad solas mór; agus ar mhuintir na tíre gruama tá solas ag lonrú.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Thairis sin ní bhía an doille mar do bhí na buáidhreadh, a nuáir ar ttus do ghortuigh sé go héattrom tír Shebulun, agus fearann Naphtali, agus na dhiáigh sin do ghortuigh ní sa ghéire í ar shlighe na fairge, táobh thall do Iordan, a Ngalilee na ccineadhach.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 9:1
10 Tagairtí Cros  

I réimeas Pheacach mac Ramailiá tháinig Tigleat Pileisir rí na hAsaíre agus ghabh sé Íón, Abael Béit Mácá, Iánóa, Ceidis, Hazór, Gileád agus an Ghailíl, agus críocha Naftáilí go léir, agus dhíbir sé an pobal go léir go dtí an Asaír.


Uime sin spreag Dia Iosrael fíoch Púl rí na hAsaíre, agus Tigleat Pileisir rí na hAsaíre, agus rinne sé iad a sciobadh leis - Reúbaen, Gád agus leath-threibh Mhanaise, agus rug sé leis iad go dtí Halach, Hábór, Hárá, agus abhainn Ghózán. Tá siad ansin go dtí inniu féin.


D'aontaigh Bein Hadad agus sheol sé lucht ceannais a airm i gcoinne cathracha Iosrael. Ghabh sé Íón agus Dán agus Abael Máím agus cathracha stóir Naftáilí go léir.


nó ag breathnú síos ar an talamh, níl ann ach anbhroid agus dorchadas, gruamacht na hanbhuaine, agus ní fheicfidh siad ach an oíche.


cuirfidh mise chomh maith mé féin in bhur n‑aghaidhne, agus buailfidh mé le pionós faoi sheacht sibh de bharr bhur bpeacaí.


cuirfidh mé in bhur n‑aghaidh le fraoch feirge, agus leagfaidh mé pionós faoi sheacht oraibh de bharr bhur bpeacaí.


Agus ag tosú dó ó Mhaois agus ó na fáithe uile, mhínigh sé dóibh na nithe a bhí sna scrioptúir uile mar gheall air féin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí