Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 64:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 Ina dhiaidh sin, a Thiarna, an bhfuil tú chun srian a chur leat féin, chun fanacht i do thost agus sinn a smachtú thar cuimse?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 An ccuirfidh tusa srían riot féin ar na neithibhsi, a THIGHEARNA? an mbía tú ad thochd, agus sinne do ghortughadh go géur?

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 64:12
12 Tagairtí Cros  

Cad fáth a gcoinníonn tú amach uainn, a Thiarna? Cad fáth a ngabhann tú i bhfolach in am an bhuairimh?


Cá fhad, a Thiarna? An mbeidh tú i bhfeirg linn go deo? Cá fhad a bheidh d'fhormad ar lasadh mar thine?


Amhrán. Salm Ásáf.


“Le fada riamh bhí mé i mo thost, d'fhan mé ciúin agus choinnigh smacht orm féin... Ach anois tá mé ag olagón ar nós mná seolta, tá cneadach agus saothar anála orm.


Breathnaigh anuas ó na flaithis agus féach, ó arda na naofachta agus na glóire mar a bhfuil do chónaí. Cá bhfuil do dhíbheirg agus do ghaisce, do theasghrá agus do thrócaire chugainn? Ná seas i leataobh uainn


Seo, tá sé scríofa os mo chomhair; ní fhanfaidh mé i mo thost nó go gcúití mé leo


Dúirt aingeal an Tiarna ansin: ‘A Thiarna na Slua, cá fhad eile a bheidh tú gan trua a ghlacadh do Iarúsailéim agus do chathracha Iúdá, a bhfuil tú i bhfeirg leo le seachtó bliain anuas?’


Agus ghlaoigh siad de ghuth ard: “A Thiarna uasail, atá naofa fírinneach, cá fada go ndéana tú breithiúnas agus díoltas ar son ár gcuid fola ar áitritheoirí an domhain?”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí