Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 64:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 Ár dTeampall a ba bheannaithe agus a b'álainn, mar a mbíodh ár n‑aithreacha do do mholadh, tá sé dóite go talamh le tine, agus gach a raibh ár ndúil ann, tá sé ina léirscrios.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Atá ar ttigh náomhtha agus sgíamhach, ar na losgadh uile re teine, áit ar mholadar ar naithre thusa; agus ar neithe sólásach uile ar na léirsgrios.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 64:11
21 Tagairtí Cros  

Is ea go deimhin, tá áit chónaithe tógtha agam duit, Áit duit chun cónaí ann go brách.”


agus sheas sé agus chuir sé a bheannacht ar chomhthionól Iosrael go léir in ard a ghutha á rá:


Loisc sé Teampall an Tiarna, pálás an rí agus na tithe go léir a bhí in Iarúsailéim, níor fhág sé teach mór gan cur trí thine.


Loisceadar Teampall Dé, agus réab siad ballaí Iarúsailéim, agus chuir siad a páláis go léir trí thine, agus mhill siad a soithí luachmhara go léir.


Dúirt sé: “Moladh leis an Tiarna, Dia Iosrael, a chuir i ngníomh ó láimh gach ar gheall sé ó bhéal do Dháiví m'athair, nuair a dúirt sé:


Nuair a chonaic clann Iosrael go léir an tine ag teacht anuas agus glóir an Tiarna ina luí ar an Teampall, chrom siad síos chun an urláir ar a mbéala agus ar a bhfiacla ar an bpábháil; thug siad adhradh agus moladh don Tiarna: “Óir is maith é, agus maireann a bhuanghrá de shíor.”


Sheas na sagairt ina n‑ionaid féin, agus mhol na Léivítigh an Tiarna ar na huirlisí a rinne Dáiví le comhsheinm le cainticí an Tiarna: “Óir maireann a bhuanghrá de shíor.” Ghabh siad na hiomainn mholta a chum Dáiví. Taobh leo bhí na sagairt ag séideadh an stoic, agus Iosrael go léir ina seasamh.


Cén fáth ar sháraigh lucht an oilc do shanctóir, cén fáth ar shatail ár naimhde ar do scrín?


Loisc sé Teampall an Tiarna, pálás an rí agus na tithe go léir a bhí in Iarúsailéim, níor fhág sé teach mór gan cur trí thine.


Is cuimhin le Iarúsailéim anois a laethanta angair agus fáin, nuair a thit a muintir lena naimhde agus gan cabhróir dá laghad acu. Bhíodh a heascairde ag baint lán na súl aisti; ábhar scige dóibh ab ea a turnamh.


Ochón! Tá an Tiarna tar éis duibhe a chur ar iníon Shíón le corp cuthaigh; theilg sé ó neamh go talamh áilleacht Iosrael; níor chuimhin leis stóilín a chos ar lá a chuid díbheirge.


Rinne an Tiarna a bheag dá altóir; ghlac sé fuath dá shanctóir; chuir sé ballaí a caisleán i seilbh a naimhde nimhneacha; tógadh gártha i dteach an Tiarna mar a thógfaí ar fhéile reachtúil.


‘Abair le muintir Iosrael: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Tá mé ar tí mo shanctóir a thruailliú, togha bhur nirt, mian bhur súl, dúil bhur n‑anama. Bhur mic agus bhur n‑iníonacha, iadsan a fhágfaidh sibh in bhur ndiaidh, titfidh siad leis an gclaíomh.


“Agus, a mhic an duine, an lá a mbainfidh mé a mic agus a n‑iníonacha díobh, gurb iad a neart, a ngairdeas agus a nglóir iad, mian a súl agus dúil a n‑anama;


Dúirt aingeal an Tiarna ansin: ‘A Thiarna na Slua, cá fhad eile a bheidh tú gan trua a ghlacadh do Iarúsailéim agus do chathracha Iúdá, a bhfuil tú i bhfeirg leo le seachtó bliain anuas?’


Ach dúirt sé leo á bhfreagairt: “An bhfeiceann sibh iad sin uile? Deirim libh go fírinneach, ní fhágfar cloch ar mhuin cloiche anseo nach leagfar ar lár.”


agus liúfaidh siad: ‘Ruibh agus salann agus loscadh críche ar an bhfearann go léir! É gan cur gan toradh, gan féar ag fás go deo arís air! É millte mar Shodom agus Gomorá, Admá agus Zabóím, áiteanna a scrios an Tiarna le barr feirge agus díoltais.’


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí