Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 6:10 - An Bíobla Naofa 1981

10 Déan croí an phobail seo trom, déan a gcluasa bodhar, dall a gcuid súl, ar eagla go bhfeicfeadh a súile, go gcloisfeadh a gcluasa, go dtuigfeadh a gcroí, go n‑iompódh siad ar ais agus go ndéanfaí a leigheas.’ ”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Déana croidhe na ndaómesi méith, agus déana a cclúasa trom, agus druid a súile; deagla go bhfaicfidis le na súilibh, agus go ccluintidís lé na cclúasaibh, agus go ttuigfidís lé na ccroidhe, agus go bhfillfidís, agus go mbéidís slán.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 6:10
34 Tagairtí Cros  

Ramhraigh a gcroí ar nós blonaige; faighimse mo thaitneamh i do dhílseacht.


a ndúrchroí dunta, a mbéal ag déanamh mórtais.


Go raibh a mbord ina dhol chun a gceaptha agus a bhfleánna ina ngaiste dá gcairde.


Ach chruaigh an Tiarna croí Fhorainn agus dhiúltaigh sé ligean dóibh imeacht.


Rinne Maois agus Árón na míorúiltí seo go léir i láthair Fhorainn, ach chruaigh an Tiarna croí Fhorainn agus níor lig sé do chlann Iosrael dul amach as a chríocha.


Agus cruafaidh mé croíthe na nÉigipteach i dtreo go rachaidh siad isteach ina ndiaidh. Gheobhaidh mé glóir de bharr Fhorainn agus a airm go léir agus a charbad agus a mharcshlua.


Déanfaidh mise croí Fhorainn a chruachan agus comharthaí agus míorúiltí a chur i ngníomh i dtír na hÉigipte.


Tá urchóid á taibhreamh d'fhear sméidte na súl, agus tá an t‑olc déanta ag an té a chuireann grabhas air féin.


tráth maraithe, tráth leighis, tráth leagtha, tráth tógála,


Ansin, má bhuail an Tiarna na hÉigiptigh go crua féin, leigheasfaidh sé iad. Iompóidh siad i leith an Tiarna agus tabharfaidh sé toradh ar a nguí agus leigheasfaidh iad.


Agus sin é an fáth gur mar seo atá an Tiarna ag labhairt leo: “Reacht i ndiaidh reachta, reacht i ndiaidh reachta, ceacht i ndiaidh ceachta, ceacht i ndiaidh ceachta, breis bheag anseo, breis bheag ansiúd,” sa chaoi go dtitfidh siad i ndiaidh a gcúil as a gcoiscéim, go mbrisfear iad, agus go sáinneofar agus go ngabhfar.


Óir tá an Tiarna tar éis toirchim suain a dhoirteadh sa mhullach oraibh; thug sé dúnadh ar bhur súile, na fáithe, agus chuir sé dallóg ar bhur gceann, an lucht físe.


mar sin féach, seo arís mé i gcionn éachta leo, éacht i ndiaidh éachta agus eachtra. Cuirfear eagna a lucht eagna ar ceal, tiocfaidh claochló ar éirim a lucht éirime.”


Bígí bómánta agus dobhránta, bígí dall agus caoch; bígí ar meisce, ach ní le fíon, ag tuisliú, ach ní le tréan póite.


Níl eolas ná tuiscint ag a leithéidí. Tá a súile dúnta sa chaoi nach bhfeiceann siad, agus a gcroí sa chaoi nach dtuigeann.


Cén fáth, a Thiarna, a bhfuil muid ar seachrán agat i bhfad ó do shlite, agus ár gcroíthe á gcruachan ionas nach eagal leo thú níos mó? Fill ar ais ar son do sheirbhíseach, ar son treibheanna d'oidhreachta.


Tá an croí cealgach thar gach rud eile, agus urchóideach lena chois; cé a fhéadann é a ransú?


“Éistigí seo anois, a phobal dallintinneach gan tuiscint, - ag a bhfuil súile agus nach bhfeiceann, cluasa agus nach gcluineann.


Cé leis a labhróidh mise, cé dhó a dtabharfaidh mé rabhadh le go gcluine siad? Is follas go bhfuil a gcluasa dúnta, ní fhéadann siad éisteacht. Is follas gur suarach leo briathar an Tiarna, níl dúil acu ann.


tabhair stuacacht chroí dóibh: bíodh do mhallacht orthu;


Dúirt an Tiarna liom ansin: “Faigh trealamh aoire gan chiall duit féin athuair.


Ach dhiúltaigh siad éisteacht liom agus d'iompaigh siad gualainn stailceach chugam agus thug siad cluas bhodhar dom ar eagla go gcloisfidís.


óir chuaigh croí an phobail seo chun raimhre, d'éist siad le cluasa bodhránta, d'iaigh siad a súile, d'eagla go mbeadh radharc na súl acu, ná clos na gcluas, ná tuiscint an chroí, agus go n‑iompóidís agus go leigheasfainn iad.’


“Dhall sé a súile, agus chruaigh sé a gcroí, chun nach bhfeicfidís lena súile agus nach dtuigfidís lena gcroí, agus go n‑iompódh siad agus go leigheasfainn iad.”


Mar tá croí an phobail seo éirithe dúr, agus lena gcluasa is mall a éisteann siad, agus dhún siad a súile, ar eagla go bhfeicfidís lena súile agus go gcloisfidís lena gcluasa agus go dtuigfidís lena gcroí agus go n‑iompóidís chugamsa agus go leigheasfainn iad.’


Déanaigí aithrí dá bhrí sin agus iompaígí chun Dé chun go nglanfar díbh bhur bpeacaí,


do bhuíon acu is boladh marfach é a sheolann chun báis iad, agus don bhuíon eile is boladh beomhar é a sheolann iad chun na beatha. Agus cé atá in ann chun na hoibre seo?


“Ach ní ligfeadh Síochon rí Heisbeon dúinn gabháil trína fhearann; d'fhág an Tiarna do Dhia a spiorad crua agus a chroí dána, d'fhonn é a fhágáil faoi do láimhse, rud atá fós inniu.


na cathuithe móra a chonaic do shúile cinn, na comharthaí agus na hiontais mhóra úd;


ach go dtí an lá atá inniu ann, níor thug an Tiarna croí daoibh le tuiscint, ná súile le feiceáil, ná cluasa le clos.


Óir nuair a bheidh siad seolta isteach agam sa tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda, an tír a mhionnaigh mé a thabharfainn dá n‑aithreacha, agus go n‑íosfaidh siad agus go mbíonn a mbolg lán, agus blonag orthu, iompóidh siad chun déithe eile agus déanfaidh siad seirbhís dóibh, agus beidh drochmheas acu ormsa agus brisfidh siad mo chonradh.


[Chaith Iacób bia agus bhí a sháith aige;] Thit Isiriún chun feola agus thug speach. (Thit tú chun feola, chun méithris agus chun gaoithe.) Thréig sé an Dia a rinne é, mhaslaigh sé Carraig a shlánaithe.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí