Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 5:15 - An Bíobla Naofa 1981

15 Ísleofar an duine, agus an daonnaí, tabharfar céim síos dó agus beidh ceann faoi ar lucht díomais.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Agus béarthar an duine uirísiol sios, agus ísleochthar an duine cumasach, agus uimhleochthar súile an duine áirdintinnigh:

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 5:15
24 Tagairtí Cros  

Fuasclaíonn tú an mhuintir umhal, ach tá do shúile ar lucht an uabhair lena n‑ísliú.


Amhrán Oilithreach. Le Dáiví. 1 Níl mo chroí i mborr le mórtas, a Thiarna; níl mo shúile go huaibhreach. Ní mó go bhfuil mo dhúil i nithe móra, a théann thar m'acmhainn.


Cuirigí bhur ndóchas ann i gcónaí, a phobal; ligigí rún bhur gcroí leis. Is é Dia ár ndídean. Selah


Tá tú go teanntásach fós le mo phobal agus ní áil leat scaoileadh leo.


Tá pór na súl uaibhreach ann, le mór níos fiú i ngach tógáil súile.


Nuair a bheidh a shaothar críochnaithe ag an Tiarna ar Shliabh Shíón agus in Iarúsailéim, smachtóidh sé toradh an díomais i gcroí rí na hAsaíre agus sotal a shúile dána.


Féach, seo an Tiarna Dia na Slua ag teascadh na ngéag lá huafás. Tá barra na gcrann á ngearradh, agus na bilí is bródúla á leagan.


Smachtóidh mé an domhan cláir as ucht a urchóide, agus na ciontaigh de bharr a mí-rúin; cuirfidh mé críoch le sotal na mórtasach agus ísleoidh mé díomas lucht an uafáis.


Beidh ceann faoi ar an uabhar daonna; ísleofar díomas an duine. Is é an Tiarna amháin a ardófar, an lá sin.


Sea, lá Thiarna na Slua a bheidh ann, i gcoinne an uile uabhair agus dhíomais, i gcoinne an uile ghradaim, chun a bhascadh,


Ísleofar an t‑uabhar daonna, tabharfar béim síos do dhíomas an duine. Is é an Tiarna amháin a ardófar, an lá sin,


Ísleofar an duine, tabharfar céim síos don duine; ná maith dóibh é.


Cé dhó ar thug tú masla agus aithis? Cé ina choinne ar labhair tú in ard do chinn agus ar bhreathnaigh tú suas go sotalach? I gcoinne Neach Naofa Iosrael!


Ó tharla gur thug tú aghaidh do chraois orm agus gur tháinig do shotal fad le mo chluasa, cuirfidh mé fáinne i do shrón agus mo bhéalbhach le do bheola, agus déanfaidh mé thú a chinnireacht ar ais, siar an bealach a tháinig tú!


An é nach smachtóidh mise iad mar gheall ar na nithe sin - an Tiarna a labhraíonn - nach n‑agróidh mise mo dhíoltas ar a leithéid seo de náisiún?


“An lá sin ní náireofar thú as na drochghníomhartha ceannairceacha a rinne tú i m'aghaidh. Mar tógfaidh mé as do lár ansin do chuid bladhmairí uaibhreacha; agus uaidh sin amach ní bheidh tú ag siúl timpeall go toirtéiseach níos mó ar mo shliabh naofa.


Mar an gcéanna libhse is óige ná sin, bígí umhal do na seanóirí. Cuirigí umaibh, gach duine agaibh, an umhlaíocht i leith a chéile, mar “cuireann Dia in aghaidh lucht an uabhair, ach bronnann sé a ghrásta ar lucht na humhlaíochta.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí