Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Íseáia 5:14 - An Bíobla Naofa 1981

14 Sea, leathfaidh Seól a chraos, osclóidh sé a bhéal as miosúr, agus síos ann leis an gcólp ghalánta, agus iad ag liúireach le lúcháir!

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 Uime sin dfáirsingidh ifrionn i féin, agus dfoscuil a béul go romhór: agus rachaidh a nglóirsion, agus a niomadamhlachd, agus a nainmheas, agus an té lúathgháirios, síos ann.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 5:14
26 Tagairtí Cros  

Slí na baothmhuiníne a slí siúd, críoch na droinge lenarb áil a maoin. Tiomáintear iad mar chaoirigh chun na huaighe


Ba chairde cléibh sinn a shiúil in éineacht in áras Dé.


Déanaimis iad a shlogadh ina mbeatha mar a dhéanfadh Seól, iad a shlogadh hólasbólas mar iad siúd a théann sa chuithe.


Ní bhíonn Seól ná Abadón riamh sásta ná ní bhíonn súile an duine sásta riamh ach chomh maith.


Seól, an bhroinn aimrid, an talamh nach féidir a sháitheadh le huisce, agus an tine nach ndeir riamh: “Is leor sin.”


Tá do phoimp caite síos go Seól, mar aon le ceol do chuid cláirseach; na péisteanna atá mar leaba fút agus na cnumhóga ina gclúdach os do chionn.


Tá Seól thíos corraithe faoi do chionn chun teacht ag fáiltiú romhat. Dúisíonn sé taisí na sean in onóir duit, a raibh ina dtaoisigh ar talamh; cuireann sé suas as a suíocháin ríoga ríthe na náisiún ar fad.


Tá mearbhall ar mo chroí; tá scaoll orm de bharr an chreatha; an clapsholas a raibh mé ag dréim leis, is cúis chearthaí dom é.


Tá deireadh le meadhar na mbodhrán, agus críoch le callán lucht gairdis; tá deireadh le meadhar na gcláirseach.


Óir is fada leac teallaigh ullamh cois Toifit, agus ullamh le haghaidh Mhoilic chomh maith, clais dhomhain leathan, lán cocháin agus adhmaid, agus anáil an Tiarna ag cur tine leis, mar a bheadh rabharta ruibhe ann.


Tá an uair tagtha, an lá ar láimh. Ná gairdíodh an ceannaí agus ná caoineadh an díoltóir; táthar i bhfearg leo go léir.


Ídeofar iad mar sceacha aimhréiteacha, mar choinleach tirim, go hiomlán.


Go deimhin is go dearfa is fealltach an ní é an [saibhreas]. Duine uaibhreach corrthónach is ea an té a leathnaíonn a chraos amach mar a dhéanann Seól, agus atá chomh doshásaithe leis an mBás, an té a bhailíonn chuige féin na ciníocha uile agus a thiomsaíonn na náisiúin go léir ar mhaithe leis féin.


“Téigí isteach tríd an doras cúng, mar is fairsing an doras agus is leathan an bóthar a sheolann chun léirscriosta, agus tá mórán a ghabhann an tslí sin isteach.


bhí siad ag ithe, bhí siad ag ól, bhí siad ag gabháil fear céile nó ban céile, go dtí an lá a ndeachaigh Naoi san áirc; agus tháinig an díle gur thug an bás dóibh uile.


Ach tugaigí aire daoibh féin gan bhur gcroí a ligean chun raimhre le barr ragairne ná meisce ná cúraimí an tsaoil, le heagla go mbéarfadh an lá úd go tobann oraibh


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí