Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 47:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Anois, éist leis seo, a chailín an mhacnais, atá i do shuí go te á rá leat féin i do chroí: “Mise, mé féin amháin! Ní bheidh mise i mo bhaintreach choíche, ná ní dual dom mo chlann a chailliúint.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Uimesin cluin so anois, thusa atá tabhartha daóibhneas, chomhnuighios a ndóthchus, a deir ann do chroidhe, Atáimse, agus ní bhfuil áon táobh amuigh dhíom; ní shuidhfidh mé amhuil baintreabhach, ní mó bhías fios chaillte cloinne agam:

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 47:8
36 Tagairtí Cros  

Rachaidh mé suas go barr na néalta dubha, beidh mé cosúil leis an Té is airde.


Bígí ar crith, a mhná an tsócúil, bíodh buaireamh oraibhse atá rómhuiníneach; bainigí díbh, nochtaigí sibh féin, fáiscigí suas bhur gcóitiní oraibh!


A mhná an tsócúil, bígí in bhur seasamh, éistigí le mo ghlór; a iníonacha na rómhuiníne, tugaigí cluas do mo chaint!


Is ea, is amhlaidh seo a labhraíonn an Tiarna, Cruthaitheoir na spéartha, arb é Dia é, arb é a dhealbhaigh an talamh agus a rinne é, a chuir bun faoi agus nár chruthaigh in anord é ach a rinne áit chónaithe de: “Is mise an Tiarna, níl m'athrach ann.


Is mise an Tiarna; níl m'athrach eile ann; ach mise amháin, níl aon dia ann. Gan aithne agat orm, tá tú i mbun airm agam


ionas go mbeidh a fhios ó éirí go luí na gréine gur neamhní an uile rud ach mise amháin.” Is mise an Tiarna; níl m'athrach eile ann;


Bhí tú muiníneach as do mhailís, á rá: “Ní fheiceann aon duine mé.” Do chríonnacht agus d'eolas, is iad a mhearaigh thú. Bhítheá á rá leat féin i do chroí istigh: “Mise, mé féin amháin!”


“Éirígí! téigí in éadan cine atá go sámh, atá beo go muiníneach - an Tiarna a labhraíonn - nach bhfuil geataí acu ná barraí, a chónaíonn san uaigneas!


Déanaigí lúcháir, más áil libh! Beirigí bhur gcaithréim, a chreachadóirí m'oidhreachta! Bígí ag aoibheall fearacht gamhna ar féarach! Déanaigí seitreach ar nós staile!


Dá mba ea go n‑éireodh an Bhablóin suas chun neimhe, nó dá neartódh sí a dúnfort buacach, ina dhiaidh sin is uile thiocfadh scriosadóirí ar m'ordú anuas uirthi - an Tiarna a labhraíonn.


Ba í seo ciontacht Shodom, do dheirfiúr, agus a hiníonacha: bhí siad díomasach, craosach, tugtha don sámhas, ach níor tháinig i gcabhair ar an mbochtán ná ar an ainniseoir.


“A mhic an duine, abair le prionsa na Tuíre: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Dúirt tú le teann mórchúise: Is dia mé, suím in ionad Dé i lár na farraige. Cé gur duine thú agus nach dia, measann tú bheith ar aon chéim le Dia.


“An lá sin rachaidh teachtairí amach uaimse i longa a chur eagla ar na hAetópaigh neamhchúramacha. Tiocfáidh uafás orthu lá na hÉigipte; óir, féach é ag teacht!


Ídeofar iad mar sceacha aimhréiteacha, mar choinleach tirim, go hiomlán.


De dheasca oll-líon na ngníomhartha striapachais a rinne an striapach ghrástúil sciamhach, atá oilte ar orthanna draíochta, agus a chuir daoirse ar na náisiúin lena cuid striapachais agus ar chiníocha lena horthanna draíochta,


Cine uamhnach uafásach is ea iad a dtagann a ndlíthe agus a n‑ardcheannas uathu féin amháin.


An í seo an chathair lúcháireach a mhaireadh go slán sábháilte agus a deireadh ina croí istigh: “Táimse ann agus níl mo chomh-mhaith ar fáil”? Cad é mar a rinneadh fothrach di agus brocach beithíoch! Gach uile dhuine a ghabhann thairsti déanann siad faíreach agus bagraíonn siad a ndoirne.


an t‑áibhirseoir a ardaíonn é féin os cionn gach neach atá in ainm bheith ina Dhia nó ina dhíol ómóis, go dtí go suíonn sé faoi i dteampall Dé agus é a mhaíomh gur Dia é féin.


Thug muintir Dhán leo an rud a rinne Míceá agus an sagart a d'fhónadh dó, agus mháirseáladar in aghaidh Láis, pobal síochánta gan drochiontaoibh. Rinneadar ár agus eirleach orthu agus chuireadar an chathair trí thine.


D'imigh an cúigear leo agus thángadar go Láís, agus chonaiceadar go raibh muintir na háite sin ina gcónaí ansiúd gan bhuaireamh, dála na Síodónach, gan aighneas gan drochiontaoibh; nach raibh aon ní faoin spéir in easnamh orthu; go rabhadar i bhfad ó na Síodónaigh agus gan baint acu leis na [hArámaigh].


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí