Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 47:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 Chuig na clocha brón leat agus meil an mhin! Scaoil díot do chaille; tóg suas do sciortaí, taispeáin do chosa, siúl tríd na haibhneacha.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Glac na clocha muilinn, agus meil min: léig leis do chíabha, déan an chos lomnochd, léig leis an ladhairg, imthigh thar na haibhnibh.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 47:2
22 Tagairtí Cros  

agus dúirt leis an searbhónta: “Cé hé an fear úd thall ag siúl an bháin inár dtreo?” “Siúd é mo mháistir,” arsa an searbhónta á freagairt. Thóg sí an fial ansin agus chuir thar a ceannaithe é.


Ghabh Hánún seirbhísigh Dháiví dá bhrí sin, bhearr an fhéasóg de gach duine díobh, ghearr a gcuid éadaigh díobh leath slí suas chun a más, agus chuir chun siúil iad,


Go meile mo bhean a phlúr do dhuine eile, Agus go gcodlaí sí faoi bhraillín nach liomsa.


Gheobhaidh gach céadghin i dtír na hÉigipte bás, ó chéadghin Fhorainn, oidhre a chorónach, go céadghin na daoirsí ar chúl an mhuilinn; agus céadghin gach beithígh.


nuair a dhúntar doirse na sráide agus go dtéann glór an mhuilinn in isle brí; nuair a bhíonn guth na héanlaithe [ina thost] agus nach gcloistear na héin cheoil níos mo;


is amhlaidh a dhéanfaidh rí na hAsaíre cimí na hÉigipte agus deoraithe Chúis a chinnireacht ar shiúl leis, idir óg agus aosta, tarnocht agus cosnocht agus másnocht.


Fágfaidh an Tiarna a gcloigeann gearbach agus a náire tarnocht.”


scátháin, línéadach mín, turbain agus caillí cloiginn.


Bígí ar crith, a mhná an tsócúil, bíodh buaireamh oraibhse atá rómhuiníneach; bainigí díbh, nochtaigí sibh féin, fáiscigí suas bhur gcóitiní oraibh!


Má deir tú leat féin i do chroí: ‘Cad chuige ar éirigh na nithe seo domsa?’ Is mar gheall ar mhéid d'oilc a ardaíodh do chótaí agus a tugadh ainíde duit.


Ligfidh mise do chótaí aníos le d'aghaidh, le go mba léir do náire,


“Tógfaidh mé uathu gáir an tsúgartha agus na meidhre, gártha an fhir nuaphósta agus na brídeoige, tormán na brón muilinn agus solas an lóchrainn.


Beidh na ciníocha uile umhal dó féin, dá mhac agus do mhac a mhic, nó go dtaga am cinnte a thíre féin ar a seal agus go gcuirfidh náisiúin chumhachtacha agus ríthe móra é féin i ndaoirse.


Bíonn na hógfhir ag oibriú na bró agus na garsúin ag tuisliú faoi ualaí adhmaid.


Abraigí mar sin le bhur ndeartháireacha: “A phobal liom, agus le bhur ndeirfiúracha: “A mhuirnín.”]


Séidigí an stoc, a áitritheoirí Shaifír! Ní bhogann áitritheoirí Zánán amach as a mbaile. Tá Béit Eizéil faoi bhrón; tógfar uait gach taca.


beirt bhan ag meilt bhró: tógfar bean agus fágfar bean.


Beidh beirt bhan ag meilt in éineacht; tógfar bean acu ach fágfar an bhean eile.


Aon bhean, áfach, a dhéanann urnaí nó a thugann tairngreacht agus í ceann-nochta, tugann sí náire don té is ceann uirthi; is cuma é agus a ceann a bheith bearrtha.


Ghabh na Filistínigh é, bhaineadar na súile as agus thug leo síos go Gazá é. Chuireadar slabhraí cré-umha faoi agus chaith sé an t‑am ag casadh an mhuilinn sa phríosún.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí