Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 45:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 A spéartha, fearaigí anuas fíréantacht mar bheadh drúcht ann, ligeadh na néalta anuas í ina báisteach! Osclaíodh an talamh lena gabháil agus tagadh an slánú aníos ina gheamhar! Fásadh suas ina theannta sin an fhuascailt atá mise, an Tiarna, lena chruthú!

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Feáruidhsi a núas, a neamha, ó náird shúas, agus dóirtedís na spéirigh síos firéantachd: foscladh an talamh, agus tugaidís slánughadh amach, agus fasadh firéantacht súas le chéile; misi an TIGHEARNA do chruthaidh é.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 45:8
29 Tagairtí Cros  

Ar chuala tú? Fadó a chinn mé air agus bheartaigh mé ó na cianta a bhfuil á chur i gcrích anois agam. Ba é do ghnó na cathracha daingne a leagan ar lár ina bhfothracha.


A Dhia, nuair a ghabh tú roimh do phobal amach, nuair a thriall tú tríd an bhfásach bhí an talamh ar crith. Selah


Go n‑iompraí na sléibhte síocháin don phobal agus na cnoic fíréantacht.


mar fhearthainn ar an bhfód féir ghlais; mar cheathanna ar an talamh.


Tá bachlóg ag eascar as bun chrann Ieise, agus gas ag teacht óna fhréamh;


Doirtfear orainn as an nua an Spiorad ón aird thuas; déanfar gairdín den fhásach ansin agus fásfaidh an gairdín ina choill chraobhach.


Sa lá sin, beidh geamhar an Tiarna faoi loinnir agus faoi mhaise, agus toradh na talún mar ghlóir agus mar scéimh ag iarmhar Iosrael.


Is amhlaidh a deir an Tiarna, d'fhuascailteoir, an té a dhealbhaigh thú ón mbroinn i leith: Is mise, an Tiarna, a rinne an uile rud, a spréigh na spéartha amach ar mo chonlán féin. Chuir mé bun faoin talamh, agus cé bhí ag cuidiú liom?


Óir doirtfidh mé uisce anuas ar an triomlach, uisce ina thuilte ar an talamh spalptha. Doirtfidh mé mo spiorad ar do phór, mo bheannacht ar shliocht do shleachta.


Tá mo bhua á thabhairt i ngar agam, ní fada uaibh é, ní bheidh moill ar mo shlánú. Deonóidh mé an slánú i Síón, ar mhaithe le hIosrael mo ghlóir!


Och, dá mba gur thug tú aire do m'aitheanta! Ar nós abhann is ea a bheadh do shonas agus an rath ba dhual duit ar nós tonnta na farraige!


Amhail bachlóg is ea a d'fhás sé os ár gcomhair a mbeadh a fréamh i dtalamh tirim. Níl cruth ná cumthacht air, dá bhfaca sinne ná scéimh ar bith go mbeadh dúil againn ann;


Beidh do mhuintir go léir ina bhfíréin agus seilbh acu ar an tír go deo, ina mbachlóg de chuid plandála an Tiarna, saothar ó mo lámha féin ar mhaithe le mo ghlóir.


Óir, mar a chuireann an talamh aníos a gheamhair, ar nós gairdín ag geamhrú ón síolchur, is amhlaidh a chuirfidh an Tiarna Dia aníos mar gheamhar fíréantacht agus moladh i bhfianaise na gciníocha go léir.”


agus bláthfhleasc in ionad luaithrigh, ola na lúcháire in ionad éide an bhróin, moladh in ionad éadóchais. Goirfear dóibh Crainn na Córa, a chuir an Tiarna i dtalamh ar mhaithe lena ghlóir.


Óir na spéartha nua agus an talamh nua atá á gcruthú agam, díreach mar a bheidh siadsan buan i mo láthair, briathair an Tiarna, is amhlaidh a bheidh bhur gcine agus bhur n‑ainm buan chomh maith.


Cá fada a bheidh tú go stadach, a iníon mhídhílis? Óir tá ní nua á chruthú ag an Tiarna ar talamh: Rachaidh an Bhean arís ar lorg a Fir Chéile.”


[Socróidh mé iad thart ar] mo chnoc agus tabharfaidh an fhearthainn dóibh in am trátha agus beidh sí ina fearthainn beannachtaí dóibh.


Cuirigí síolta an ionracais daoibh féin; bainigí fómhar an bhuanghrá; brisigí bhur bhfearann branair, óir is mithid daoibh an Tiarna a lorg nó go dtiocfaidh sé chun an fhíréantacht a shileadh oraibh.


Agus tar éis a ardaithe ar dheis Dé, fuair sé óna Athair an Spiorad a bhí geallta agus dhoirt amach orainne é agus is é sin atá á fheiceáil agus á chloisteáil agaibhse.


Is dá dhéantús sinn mar gur cruthaíodh i gCríost Íosa sinn chun ár saol a thabhairt i mbun na ndea-oibreacha a bhí ullamh roimh ré dúinn ag Dia.


agus an nadúr úrnua a ghabháil chugaibh, an nádúr a cruthaíodh in íomhá Dé ar fhíréantacht agus ar naofacht fhíor.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí