Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 28:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 anáil an chirt a bheidh ann faoin té atá i gcathaoir an bhreithiúnais, agus anáil na calmachta faoi lucht ruaigthe an namhad ón ngeata.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Agus mar spioraid bhreitheamhnuis don tí shuighios a mbreitheamhnus, agus mar neart don lucht iompoighios an cath ag an ngeata.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 28:6
22 Tagairtí Cros  

Chuala Iosrael go léir an bhreith a thug an rí, agus thugadar urraim don rí mar gur thuigeadar go raibh eagna Dé ann chun an ceart a riar.


Cheap sé ceannasaithe i bhfeighil an phobail, agus bhailigh sé le chéile iad sa chearnóg ag geata na cathrach agus labhair leo mar leanas á misniú:


Níl leis siúd ach lámh feola, ach tá an Tiarna ár nDia linne, le cabhair a thabhairt dúinn agus lenár gcathanna a throid.” Thug focail Hiziciá rí Iúdá misneach don phobal.


Do stiúrthóir an chóir. [Salm] chlann Chorach. Leis an bhfonn “Na Maighdeana...” Amhrán.


“Éistigí! bíodh a fhios agaibh gur mise is Dia ann, in ardréim ar na ciníocha, in ardréim ar talamh.”


An rí a shuíonn ina shuí breithimh, scagann sé gach olc lena shúile.


Mar is tearmann thú don dearóil, tearmann don dealbh in am a ghátair; dídean ón stoirm agus scáth ón teas, mar is cosúil confa na mborb le doineann gheimhridh.


Tá an Tiarna in airde, mar tá a chónaí san aird thuas; líonann sé Síón le ceart agus le cóir.


Truailliú iníon Shíón, nuair a bheidh sí nite ag an Tiarna, agus Iarúsailéim glanta aige den fhuil a doirteadh le siorradh an bhreithiúnais agus siorradh an loiscthe,


Déarfaidh clann Iúdá ina gcroíthe ansin: ‘Údar nirt d'áitritheoirí Iarúsailéim is ea Tiarna na Slua, a nDia.’


Óir an té a chuir Dia uaidh, labhraíonn sé briathra Dé; mar ní de réir tomhais a thugann [Dia] an Spiorad.


Ní féidir domsa aon ní a dhéanamh uaim féin. De réir mar a chluinim is ea a thugaim breithiúnas agus is cóir í mo bhreith, óir ní hí mo thoil féin a shantaím ach toil an té a chuir uaidh mé.


Mar shampla faigheann duine amháin labhairt go heagnaí ón Spiorad agus faigheann duine eile labhairt go feasach ón Spiorad céanna.


Óir tá an Tiarna bhur nDia ag dul libh chun troda ar bhur son in aghaidh bhur naimhde, agus chun an bua a bhreith daoibh.’


Nár thug mé ordú duit? Bí teann agus bíodh misneach agat. Ná bíodh eagla ort ná beaguchtach, mar tá an Tiarna do Dhia farat cibé áit a rachaidh tú.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí