Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 27:10 - An Bíobla Naofa 1981

10 óir tá an chathair dhaingean ina fásach, tá sí tréigthe dearóil mar bheadh díthreabh ann. Is ann a thagann an tréad ag iníor, is ann a luíonn siad fúthu agus a chrinneann na craobhacha.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 ¶ Gidheadh biáidh an chathair dhaingion na fásach, agus tréigfighthear a náit comhnuidhe, agus fúigfighthear í amhuil fasach: annsin ingheiltfios an láogh, agus annsin luighfios sé síos, agus íosfuigh a bheangáin.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 27:10
24 Tagairtí Cros  

Beidh a cuid bailte tréigthe go deo, agus tréada ag iníor ina n‑áit; luífidh siad síos iontu gan duine lena ruaigeadh.


Sa lá sin, beidh do bhailte tréigthe mar a bhí bailte mhuintir [Amór agus Hiv,] a fágadh nuair a bhí clann Iosrael ag teacht. Díthreabh a bheidh iontu,


Tá cathair an neamhní ar lár, tá gach teach dúnta agus níl dul isteach iontu.


Óir d'fhág tú cathracha ina gcarnáin chloch agus bailte poirt ina gconamar. Ní baile é feasta dúnfort na ndíomasach, ní dhéanfar a atógáil arís go deo.


- leagfar an choill agus tabharfar béim síos don chathair.


Déanadh an díthreabh agus tír an triomaigh lúcháir, bíodh gairdeas ar an ngaineamhlach agus é faoi bhláth; tagadh bláthanna air chomh tiubh leis an gcróch, déanadh sé gairdeas le gártha agus le ceol.


Beidh tú á rá leat féin i do chroí istigh: “Cé a shaolaigh iad siúd go léir dom? Bhí mé gan chlann agus mé aimrid, ach iad seo, cé a thóg suas iad?” Bhí mé fágtha liom féin, an dream úd mar sin, cá has a dtagann siad?


Tá do chathracha beannaithe ina ndíthreibh, tá Síón ina díthreibh agus Iarúsailéim ina fásach.


Sa lá sin, tógfaidh gach duine aon bhó amháin agus dhá chaora,


Na sléibhte a romhraíodh le rámhainn, ní rachaidh aon duine iontu níos mo, le heagla roimh na driseacha agus na sceacha; fearann eallaigh a bheidh ann, agus réimse do chaoirigh.”


tá a gceapóga ciúine scriosta, [de bharr díbheirg fhíochmhar an Tiarna].


“Thairngir Míocá an Móirisiteach i laethanta Hiziciá rí Iúdá,” a dúirt siad, “agus ba é a dúirt sé le muintir uile Iúdá: ‘Mar seo a deir an Tiarna: Déanfar fearann treafa de Shíón, agus carnán bruscair de Iarúsailéim, beidh cnoc an Teampaill ina ardán coillteach.’


déanfaidh mise an Teampall seo cosúil le Sileo, agus déanfaidh mé an chathair seo ina mallacht do chiníocha uile an domhain.’ ”


Chuir rí na Bablóine chun báis iad i Ribleá, i dtír Hamát. Rinneadh Iúdá a dhíbirt óna thír féin ar an gcuma sin.


Tá bóithre Shíón ag caoi mar ní thaithítear a hionad teagmhála; tá a geataí uile bánaithe agus déanann a sagairt osnaíl; bíonn a maighdeana go léir á gcrá. Ó nach goirt é an seirfean atá uirthi!


toisc go bhfuil Sliabh Shíón treascartha tréigthe agus go mbíonn seacáil ag smúrthacht thart ann.


dá bhrí sin, a shléibhte Iosrael, éistigí le briathar an Tiarna. Seo mar a deir an Tiarna Dia leis na sléibhte agus na cnoic, leis na cumair agus leis na gleannta, le fásaigh loma agus cathracha bánaithe atá ina gcreach agus ina gceap magaidh ag na ciníocha máguaird:


Dá dheasca sin déanfar gort treafa de Shíón agus fothrach de Iarúsailéim agus ardán crannach de Shliabh an Teampaill mar gheall oraibhse.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí