Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 27:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 An lá sin, smachtóidh an Tiarna lena chlaíomh crua, lena chlaíomh mór laidir, Leiviatan, an nathair éalaitheach, Leiviatan, an nathair lúbarnach: maróidh sé dragan na farraige.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Annsa ló sin smaichdeochuidh an TIGHEARNA le na chloidheamh géur agus mór agus láidir lebhiatan an naithir nimhe tholltach, eadhon lebhiatan a naithir nimhe cham; agus muirfidh sé an dragún atá annsa bhfairge.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 27:1
30 Tagairtí Cros  

Shoilsigh a anáil na spéartha, Agus ghoin a lámh an nathair ar teitheadh.


Go gcuire mallachtóirí an lae a mallacht uirthi, Agus an mhuintir atá réidh Leiviatan a mhúscailt!


Eisean sárshaothar Dé, Ach bhagair a chruthaitheoir an claíomh air,


Ba bhaoth é do dhóchas go deimhin, Mar dhéanfadh fiú radharc air duine a threascairt.


Is uirthi a sheolann an loingeas; agus an Leiviatan a rinne tú le bheith ag súgradh inti.


Is tú an té is áille den Ádhamhchlann go huile agus doirteadh an grásta amach ar do bheola toisc gur bheannaigh do Dhia go brách is go deo thú.


Óir féach, tá an Tiarna ag teacht as a áras amach chun a n‑urchóid a aifirt ar mhuintir an domhain go léir. Tá an talamh chun an fhuil a doirteadh air a aiseag, agus ní choinneoidh sé a chuid marbh faoi chlúdach níos mó.


Múscail, múscail, cuir umat do neart, a lámh an Tiarna, Múscail mar a dhéantá sa seanam, in aimsir na nglún a d'imigh. An ea nach tusa a scoilt Ráhab, a pholl an Dragan ina lár?


tugaim suas don chlaíomh sibh agus titfidh sibh ar lár san eirleach. Óir ghlaoigh mé agus níor thug sibh freagra, labhair mé agus níor éist sibh. Ach rinne sibh rudaí a b'olc liom, agus an rud nár thoil liom, ba é bhur rogha é.


Beidh an mac tíre agus an t‑uan ag iníor le chéile, íosfaidh an leon cochán ar nós na mart, agus beathóidh an nathair í féin le deannach. Díth ná dochar ní dhéanfar níos mó ar mo shliabh beannaithe ar fad, a deir an Tiarna.


Mar tá an Tiarna chun breith a thabhairt le tine, chun an cine daonna a chiontú lena chlaíomh, agus marófar mórán leis an Tiarna.


Ó, a chlaíomh an Tiarna, Cá fhad go mbeidh tú suaimhneach? Isteach leat i do thruaill, éirigh as, bí socair!


Tusa a shuíonn le hais mórán uiscí, agus a thaisceann stór agus maoin, tá do chríoch tagtha anois, agus deireadh do shladaireachta.


“D'ith sé mise, d'alp sé mé, rí sin na Bablóine[, Nabúcadnazar]; rinne sé soitheach folamh díom, shlog sé siar mé mar a dhéanfadh dragan, líon sé a bholg de mo shólaistí.”


Labhair agus abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tá mise i d'aghaidh, a Fhorainn, a rí na hÉigipte, a chrogaill mhóir, ag únfairt i lár srutháin na Níle, a deir: ‘Is liomsa féin an Níl, mise a rinne [í].’


Má théann siad i bhfolach ar bharr Chairmeil cuardóidh mé agus ropfaidh mé liom iad; má théann siad i bhfolach uaim i ngrinneall na farraige ordóidh mé don Nathair greim a bhaint astu ansiúd.


Ansin thaibhsigh an dara comhartha sa spéir, féach, dragan mór dearg le seacht gceann agus deich n‑adharc agus seacht gcoróin ar a chinn.


Ansin chonaic mé, ag éirí ón talamh, beithíoch eile ar a raibh dhá adharc mar uan agus a labhair mar dhragan.


Shléacht siad le hómós don dragan mar gur thug sé an chumhacht don bheithíoch, agus shléacht siad le hómós don bheithíoch á rá: “Cé atá cosúil leis an mbeithíoch? Agus cé a fhéadann troid leis?”


Agus chonaic mé trí spioraid neamhghlana, mar fhrogaí, ag teacht ó bhéal an dragain agus ó bhéal an bheithígh agus ó bhéal an fháidh bhréige -


Ansin tháinig ceann de na seacht n‑aingeal leis na seacht soitheach chugam, agus labhair sé liom á rá: “Gabh i leith! taispeánfaidh mé duit an breithiúnas ar an striapach mhór, í siúd atá ina suí ar na tuiltí lána.


Lean sé air ag caint liom: “Na huiscí a chonaic tú mar a bhfuil an striapach ina suí, pobail agus slóite iad, agus ciníocha agus teangacha.


Maraíodh an chuid eile le claíomh mharcach an eich, an claíomh úd a bhí ag síneadh óna bhéal. Agus fuair na héin go léir a sáith dá bhfeoil.


Déan aithrí dá bhrí sin. Mura ndéana tú, tiocfaidh mé chugat gan mhoill agus troidfidh mé leo le claíomh mo bhéil.


Fuair sé an lámh in uachtar ar an dragan, an nathair nimhe chianaosta, an té is Diabhal agus is Sátan, chuir sé faoi chuibhreacha é ar feadh míle bliain,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí