Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 26:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 d'ísligh sé an dream a bhí ina gcónaí ar na harda, muintir an dúnfoirt daingin, leagann sé iad, leagann iad ar lár, caitheann sé síos iad sa láib;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 ¶ Oír do bheir sé a núas an drong áitreabhus go hárd; leagaidh sé síos go hísiol, an chathair árd; leagaidh sé go hísiol í, eadhon go nuige an ttalamh; do bheir sé fós go nuige an luáithreadh í.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 26:5
18 Tagairtí Cros  

Ná leag orainne coireanna ár sean agus ár sinsear; go dtaga do thrua inár ndáil gan mhoill mar tá srathair na hainnise ag brú orainn go dóite.


Smachtóidh mé an domhan cláir as ucht a urchóide, agus na ciontaigh de bharr a mí-rúin; cuirfidh mé críoch le sotal na mórtasach agus ísleoidh mé díomas lucht an uafáis.


Bhítheá á rá leat féin i do chroí: “Dreapfaidh mé go barr na bhflaitheas; os cionn réaltaí Dé a thógfaidh mé mo chathaoir ríoga. Suífidh mé ar an sliabh mar a mbailíonn na déithe i ndáil chomhairle in iargúil an tuaiscirt i gcéin.


Sea, lá Thiarna na Slua a bheidh ann, i gcoinne an uile uabhair agus dhíomais, i gcoinne an uile ghradaim, chun a bhascadh,


Tá cathair an neamhní ar lár, tá gach teach dúnta agus níl dul isteach iontu.


Óir d'fhág tú cathracha ina gcarnáin chloch agus bailte poirt ina gconamar. Ní baile é feasta dúnfort na ndíomasach, ní dhéanfar a atógáil arís go deo.


- leagfar an choill agus tabharfar béim síos don chathair.


Síos leat! Buail fút sa láib, a mhaighdean, a iníon na Bablóine! Anuas leat ó do chathaoir ríoga agus suigh ar an talamh, a iníon na gCaildéach! Óir ní thabharfar ort níos mó maoth ná muirneach.


Beidh an Bhablóin ina carnán cloch, ina háit chónaithe ag seacáil ina huafás agus ina scige, gan duine ná deoraí inti.


á rá: ‘Is mar seo a rachaidh an Bhablóin in íochtar, agus ní éireoidh sí choíche ón olc a thabharfaidh mise uirthi.’ ” Deireadh anseo le briathra Irimia.


Scrios an Tiarna go neamhthrócaireach áitribh uile Iacóib; chreach sé go fíochmhar feargach dúnta iníon Iúdá; leag sé ar lár agus thruailligh sé an ríocht agus a flatha.


Satlóidh crúba a chuid capall ar do shráideanna uile, maróidh sé do mhuintir leis an gclaíomh, agus teilgfidh do cholúin ollmhóra síos go talamh.


D'éirigh do chroí teann as do scéimh, thruailligh tú do ghaois mar gheall ar do niamhracht. Theilg mé síos go talamh thú, nocht mé thú os comhair ríthe ionas go mbainfidís lán na súl asat.


Ghlaoigh sé in ard a ghutha á rá: “Tá sí ar lár, ar lár, an Bhablóin Mhór! Rinne nead lonnaithe deamhan di, agus daingean gach spioraid mhíghlain, agus tearmann gach éin bhréin, [agus lóiste gach ainmhí neamhghlain] uafair;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí