Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 26:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 A Thiarna, a Dhia linn, bhí réim ag tiarnaí seachas tú féin orainn ach ní aithnímid ach tusa feasta, ní aithnímid ach d'ainmse amháin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 O a THIGHEARNA ar Ndía, do bhí tighearnus ag tighéarnuighibh oilc táobh amuigh dhíotsa oruinn: achd is ionnadsa amháin thiucfam thar hainm.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 26:13
15 Tagairtí Cros  

Beidh siad ina ndaoir aige mar sin féin i dtreo go dtuigfidís a bhfuil idir seirbhís domsa agus seirbhís do ríochtaí na dtíortha iasachta.”


mar a rinne mé leis an tSamáir agus lena cuid íol, nach amhlaidh fós a chaithfidh mé le Iarúsailéim agus lena dealbha?”


Déarfaidh sibh an lá sin: “Tugaigí buíochas don Tiarna, glaoigí air ina ainm! Fógraígí a éachtaí don phobal, meabhraígí gurb oirirc dá ainm.


tá a dtír lán de dhéithe bréige... Sléachtann siad go talamh i láthair saothar a lámh féin; os comhair an rud a dhealbhaigh a méara féin.


Is ea, ar bhealach do chuid breithiúnas tá muid ag fanacht ort, a Thiarna, is é d'ainm agus do chuimhne tnúthán ár n‑anama.


seo mar a deir Dia do Thiarna, do Dhiasa agus curadh cosanta do mhuintire: Seo, tá mé á thógáil as do láimh, an cupán sin an mhearbhaill; corn mo chuid feirge, ní ólfaidh tú as níos mó.


Is mian liom comharthaí caoindúthrachta an Tiarna a aithris, agus éachtaí an Tiarna a fhógairt, gach a ndearna an Tiarna ar ár son agus a iolmhaitheasa i leith teaghlach Iosrael, gach ar bhronn sé orthu le barr dáimhe agus ilchomharthaí a chaoindúthrachta.


Cuireann tú fáilte roimh an dream a chleachtann an ceart agus a mbíonn cuimhne acu ort féin agus ar do bhealaí. Tá fearg ort, agus déanaimid peaca dá ainneoin sin; is fada sinn ag déanamh ceannairce i do choinne.


An fear gaoil a iompraíonn na cnámha amach as na tithe chun iad a dhó, déarfaidh sé leis an té atá sa chuid is sia isteach den teach: “An bhfuil aon duine i do chuideachta fós?” Freagróidh seisean: “Níl! bí i do thost! caithimid gan ainm an Tiarna a lua.”


Óir gluaiseann gach uile cheann de na ciníocha ar aghaidh in ainm a dhé féin ach siúlfaimidne in ainm an Tiarna, ár nDia, go brách is choíche.


agus beidh fios na fírinne agaibh, agus saorfaidh an fhírinne sibh.”


Anois, áfach, ó tá sibh fuascailte ón bpeaca agus dulta i seirbhís Dé, is i an naofacht atá mar thoradh agaibh agus is i an bheatha shíoraí a deireadh siúd.


Cé a thugann an seasamh ar leith duitse? Céard atá agat nach bhfuair tú? Agus más amhlaidh a fuair tú é, cad ab áil leat bheith ag maíomh as faoi mar nach bhfuair tú é.


Mar sin de, ofrálaimis íobairt bhuanmholta chun Dé trí Íosa Críost, is é sin le rá, briathra ár mbéil ag moladh a ainm.


ná caidreamh a dhéanamh leis na ciníocha atá fágtha fós in bhur measc, ná ainmneacha a ndéithe a lua, ná mionnú dar iad, ná fónamh dóibh, ná sléachtadh rompu.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí