Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 13:19 - An Bíobla Naofa 1981

19 An Bhablóin, péarla na ríochtaí, seod agus práinn na gCaildéach, beidh sí ar nós Shodom agus Ghomorá nuair a threascair Dia iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

19 ¶ Agus an Bhabilóin, glóir na rioghachd, scíamh oirdhearcuis na Gcaildeanach, biáidh sí do nós an tan do scrios Día Sodom agus Gomorrah.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 13:19
23 Tagairtí Cros  

Ansin d'fhear an Tiarna ruibh agus tine anuas ar Shodom agus ar Ghomorá ón Tiarna.


Dhíothaigh sé na cathracha sin, agus an gleann go léir, agus lucht na gcathracha go léir, agus a raibh ag fás ar an talamh.


Fógra ar an mBablóin, de réir mar taispeánadh d'Íseáia, mac Ámóz.


Féach, seo chugainn an marcshlua, na marcaigh ina mbeirt agus ina mbeirt.” Agus tháinig an freagra ar ais: “Tá sí ar lár, tá an Bhablóin ar lár, agus dealbha a cuid déithe uile ina smionagar ar talamh.”


Suigh fút, bí i do thost, agus isteach sa dorchadas leat, - a iníon na gCaildéach. Óir ní thabharfar ort níos mó choíche máistreás na ríochtaí.


Bailigí go léir le chéile agus éistigí; cé acu a d'inis na rudaí seo roimh ré? “Déanfaidh fear mo pháirte rud orm i gcoinne na Bablóine agus sliocht na gCaildéach.”


(Ach nuair a bheidh an seachtó bliain istigh, gearrfaidh mé pionós ar rí na Bablóine agus ar an gcine sin - an Tiarna a labhraíonn - san éigeart a rinne siad, agus pionós ar thír na gCaildéach freisin, agus déanfaidh mé fásach síoraí di.)


Amhail mar a bhí i scrios Shodom agus Ghomorá, agus sna bailte timpeall ní fhanfaidh duine ann níos mó, ní dhéanfaidh aon fhear cónaí ann go deo, a deir an Tiarna.


Díreach mar a scrios Dia Sodom agus Gomorá, mar aon leis na bailte comharsan - an Tiarna a labhraíonn - ní fhanfaidh duine ann níos mó, ní dhéanfaidh aon fhear cónaí inti arís go brách.”


Ní thógfaidh siad cloch choirnéil díot choíche, ná cloch bhunaidh ach an oiread, óir beidh tú i do fhásach go deo - an Tiarna a labhraíonn.”


Tá an talamh á shuaitheadh agus é ar crith, mar bhí tionscnamh an Tiarna in aghaidh na Bablóine á chur i gcrích: a dhéanamh tír na Bablóine ina fásach gan daonra.


“Céard seo! Ar gabhadh agus ar briseadh í siúd a bhí i mbéal an tsaoil? Céard seo! An Bhablóin ina huafás i measc na náisiún?


Ansin déarfaidh tú: ‘A Thiarna, tá sé fógraithe agat féin go scriosfar an áit seo, nach ndéanfar cónaí arís ann, ag duine ná ag ainmhí, ach go mbeidh sé ina fhásach go brách.’


Scrios mé cuid agaibh mar a scrios Dia Sodom agus Gomorá, agus bhí sibhse mar aibhleog a sciobadh ón tine; ach mar sin féin níor fhill sibh orm, a deir an Tiarna.


Ar an ábhar sin,” a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael, “dar mo bheo ach beidh Móáb mar Shodom agus clann Amón mar Ghomorá - dúiche lán neantóg, carn salainn, díthreabh go deo. Creachfaidh fuílleach mo phobail iad agus glacfaidh iarmhar mo náisiúin seilbh orthu.”


Agus mar a thairngir Íseáia: “Ach gur fhág Tiarna na slua sliocht againn bheimis ar nós Shodom agus ar chuma Ghomorá.”


agus liúfaidh siad: ‘Ruibh agus salann agus loscadh críche ar an bhfearann go léir! É gan cur gan toradh, gan féar ag fás go deo arís air! É millte mar Shodom agus Gomorá, Admá agus Zabóím, áiteanna a scrios an Tiarna le barr feirge agus díoltais.’


Beidh ceannaitheoirí an domhain á caí agus á caoineadh mar nach gceannaíonn aon duine aon lasta leo feasta -


Agus chaith siad luaithreach ar a gceann agus ghoil siad go hard ag caoineadh is ag olagón: “Is mairg di, is mairg don chathair mhór, mar ar chruinnigh lucht na loingeas go léir ar muir saibhreas de bharr a rachmais; in aon uair amháin scriosadh í.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí