Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 13:18 - An Bíobla Naofa 1981

18 Tá na gasúir á mbascadh agus na girseacha á mbrú. Toradh na broinne ní trua leo, ná níl trócaire ina súil d'aon mhac máthar.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

18 Brisfid a mboghadha fós a ndaóine óga na mblodhuibh; agus ní bhía truaighe aca do thoradh na mbronn; ní choigeoluid a súile leinibh.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 13:18
18 Tagairtí Cros  

“Cén fáth,” arsa Hazáéil, “go bhfuil mo thiarna ag gol?” D'fhreagair sé: “Mar go bhfuil a fhios agam an urchóid a dhéanfaidh tú do chlann Iosrael; cuirfidh tú a ndaingin trí thine, cuirfidh tú a n‑ógánaigh chun báis le rinn claímh, stollfaidh tú a leanaí ina ngeireacha, agus scoiltfidh tú broinn a mban torrach.”


Thug sé rí na gCaildéach ina gcoinne dá bhrí sin agus chuir siadsan a laochra óga chun báis le faobhar claímh i dteach a sanctóra, gan trua gan taise ar ógánach ná ar mhaighdean, ar sheanóir ná ar sheanduine cromtha. Thug Dia iad go léir ar láimh dó.


Tabhartas ón Tiarna is ea an chlann; is tuarastal é toradh na broinne.


Bascfar a bpáistí os comhair a dhá súl, déanfar slad ar a dtithe agus éigean ar a mná.


Tiocfaidh an dá rud seo díreach sa mhullach ort d'aon iarraidh agus in aon lá amháin. Caill do chlainne agus baintreachas, tiocfaidh siad ort go tobann, d'ainneoin do chuid asarlaíochta go léir agus ilchumas do dhraíochta.


Tá faobhar i gceart ar a shaigheada agus tá na boghanna uile rite aige; is crua ná scileach crúba a chuid capall, agus rothaí a charbad ar nós guairneán gaoithe.


Ar an ábhar sin seachaid a gclann mhac don ghorta; tabhair suas iad do bhéal an chlaímh. Go raibh a mná céile gan sliocht, go bhfágtar ina mbaintreacha iad. Go n‑éaga a bhfir den phlá; go dtite a n‑ógánaigh leis an gclaíomh sa chath.


Tá a mbolgán saighead amhail uaigh oscailte; is laochra cróga iad uile.


“Uime sin titfidh na hógánaigh léi ina sráideanna, agus éagfaidh a fir throda uile ar an lá sin - an Tiarna a labhraíonn.


troideann siad le bogha agus ga; tá siad cruálach, míthrócaireach; is cosúil a bhfuaim le búiríl na farraige tá siad ag marcaíocht ar eachra, tá gach fear acu in eagar catha i d'aghaidhse, a iníon na Bablóine.


is leat a leag mé fear agus bean, óg agus aosta, an t‑ógánach agus an cailín,


tá bogha agus gath i ngreim acu, tá siad cruálach, míthrócaireach; is cosúil a bhfuaim le búiríl na farraige; tá siad ag marcaíocht ar eachra, tá gach fear acu in eagar catha i d'aghaidhse, a iníon Shíón.


Maidir liom féin, tabharfaidh mé chun cúitimh iad, gan anacal gan trócaire.”


Féach, tá teachtaire ag brostú thar dhroim na sléibhte agus é ag fógairt na síochána. Céiliúir do chuid féilte, a Iúdá; comhlíon do mhóideanna. Óir ní ghluaisfidh an bithiúnach tríot arís mar tá sé scriosta go hiomlán.


Ach ina dhiaidh sin féin tugadh chun siuíl í; d'imigh sí léi i mbraighdeanas; rinneadh deargár ar a páistí chomh maith ag cúinní na sráideanna uile; cuireadh a daoine uaisle ar chrainn agus ceanglaíodh a fir cháiliúla le slabhraí.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí