Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 8:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 D'éist mise go haireach, níl an chaint cheart acu; ní dhearna aon duine aithrí ina olc á rá: ‘Céard tá déanta agam?’ Mar a réabann an t‑each chun catha is mar sin a théann gach aon duine amú ag leanacht a chúrsa féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Déist misi agus do chúala mé, acht níor labhradarsan go ceart: níor ghabh aithreachus áonduine iona olc, gha rádh, Cred do rinne mé? dfill gach áonduine da chúrsa fein, mar sgeinneas an teach chum an chatha.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 8:6
24 Tagairtí Cros  

Déarfaidh mé le Dia: Ná daor mé! Ach cuir in iúl dom an chúis atá agat i m'aghaidh.


Má deir duine le Dia: “Mealladh mé, ní le hurchóid a rinne mé beart.


Má pheacaigh mé, cuir in iúl dom é! Má bhí mé éagórach, ní bheidh mé amhlaidh arís.”


Breathnaíonn an Tiarna ó neamh ar chlann na ndaoine go bhfeice sé an bhfuil tuiscint ag aon duine nó an iarrfaidh sé Dia.


Ach tá an Tiarna ag fanacht le hionú an mhaithiúnais, is ar an ábhar sin a éiríonn sé agus a ghlacann trua daoibh; óir Dia cóir is ea an Tiarna, is méanar don dream a bhfuil a súil leis.


Coiriúlacht agus bradaíl Iosrael a chuir fearg orm seal; cheil mé mo ghnúis air agus bhuail mé le teann feirge. D'imigh sé leis fiáin sna bealaí a b'áil lena chroí;


Chonaic sé nach raibh aon duine ann, agus b'iontach leis gan fear eadrána bheith le fáil. Mar sin rinne a lámh féin slánú dó agus ba í a fhíréantacht a chrann taca.


“Chuala mé céard a dúirt na fáithe a thairngreann i m'ainmse. ‘Rinneadh brionglóid dom,’ a deir siad, ‘rinneadh brionglóid dom!’


An leanfaidh sé dá fhearg go brách, an gcoinneoidh sé an racht go deireadh?’ Sin a dúirt tú, ach ina dhiaidh sin níor scoir tú den pheacú, bhí tú chomh ceanndána sin.”


Gabh anonn agus anall trí shráideanna Iarúsailéim, féach anois, agus bíodh a fhios agat, cuardaigh a cearnóga; má éiríonn leat fear a fháil, oiread agus fear a dhéanann an ceart agus a iarrann an fhírinne, tabharfaidh mise ansin maithiúnas di, [a deir an Tiarna].


De bhrí gur mhachnaigh sé agus gur thréig sé a pheacaí go léir mairfidh sé go deimhin; ní bhfaighidh sé bás.


D'iarr mé fear orthu a thógfadh balla agus a sheasfadh sa bhearna ar son na tíre sa chruth nach millfinn é; ní bhfuair mé é.


Tá an dea-dhuine imithe ar ceal ón tír; níl aon fhear ionraic i measc an phobail; bíonn siad go léir in oirchill na fola agus téann gach duine díobh ar thóir a bhráthar.


Deirinn liom féin: ‘Beidh eagla ortsa ar a laghad romham, agus foghlaimeoidh tú ceacht; agus ní scriosfar a háitreabh, ní bhainfear as a cuimhne go deo ná pionóis uile a chuir mé orthu siúd.’ Ach ní mar sin a tharla. Is amhlaidh atá siad ag brostú chun a ngníomhartha uile a thruailliú.”


Dá bhrí sin labhraíonn Tiarna na Slua mar a leanas: “Déanaigí machnamh ar conas mar a d'éirigh libh.


Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: “Déanaigí machnamh ar conas mar a d'éirigh libh.


Labhraíodh lucht adhartha an Tiarna le chéile ar an gcuma sin agus d'éist an Tiarna leo go hairdeallach. Ansin scríobhadh leabhar meabhráin os a chomhair ar son na ndaoine a thugann ómós dó agus a bhfuil ardmheas acu ar a ainm.


Ní dhéanann an Tiarna moill lena ghealltanas, mar a thuigtear moill do dhaoine áirithe, ach tá sé foighneach libh mar nach mian leis go gcaillfí aon dream ach go dtiocfadh cách chun aithrí.


Ach an chuid eile den chine daonna a fágadh gan marú ag na plánna seo, ní dhearna siad aithrí in oibreacha a lámh agus gan adhradh do na deamhain ná do na híola óir ná airgid ná cré-umha ná cloiche ná adhmaid, nithe atá gan cumas radhairc ná éisteachta ná siúil.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí