Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 7:30 - An Bíobla Naofa 1981

30 “Sea, rinne clann mhac Iúdá an rud nach dtaitníonn liom - an Tiarna a labhraíonn - chuireadar a ngráiniúlachtaí sa Teampall a ghairtear i m'ainmse, á thruailliú.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

30 Oír do rinneadar clann Iúdah olc ann mo radharc, a deir an TIGHEARNA: do chúireadar a ngráineamhlachda annsa tigh ghoirthear a mainmsí, dá thruáilleadh.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 7:30
20 Tagairtí Cros  

Thog sé arís na hardionaid a scrios a athair Hiziciá agus chuir sé suas altóirí do Bhál agus rinne cuaille naofa mar a rinne Acháb rí Iosrael agus thug sé ómós do shluaite uile na spéire agus rinne seirbhís dóibh.


Thóg sé altóirí i dTeampall an Tiarna a ndúirt an Tiarna faoi: “In Iarúsailéim a thabharfaidh mé áit lonnaithe do m'ainm.”


An íomhá ghreanta d'Aiséará a rinne sé, chuir sé suas í sa teach a ndúirt an Tiarna le Dáiví agus le Solamh a mhac faoi: “Sa Teampall seo, agus in Iarúsailéim, an chathair a thogh mé as treibheanna Iosrael go léir, tabharfaidh mé áit lonnaithe do m'ainm go brách.


Na haltóirí ar an díon (ar sheomra uachtair Áchaz) a rinne ríthe Iúdá, agus na haltóirí a thóg an rí Manaise i dhá chúirt Theampall an Tiarna, leag an rí anuas iad agus rinne smidiríní díobh ar an láthair agus chaith a luaithreach isteach i nGleann Chidreon.


Ansin thóg sé chun siúil na déithe iasachta agus an t‑íol ó Theampall an Tiarna, agus na haltóirí go léir a thóg sé ar shliabh Theampall an Tiarna agus in Iarúsailéim, agus chaith amach as an gcathair iad.


Thóg sé arís na hardionaid a scrios a athair Hiziciá agus chuir sé suas altóirí do na Bálaím, agus rinne cuaillí naofa, agus thug sé ómós do shluaite uile na spéire agus rinne seirbhís dóibh.


An íomhá ghreanta d'íol a rinne sé, chuir sé suas í sa Teampall a ndúirt an Tiarna le Dáiví agus le Solamh a mhac faoi: “Sa Teampall seo, agus in Iarúsailéim, an chathair a thogh mé as treibheanna Iosrael go léir, is ea a thabharfaidh mé áit lonnaithe do m'ainm go brách.


Ar an gcuma chéanna, roghnóidh mé féin amhgar dóibhsean, agus tarraingeoidh mé orthu na rudaí is mó is eagal leo. Óir ghlaoigh mé agus níor fhreagair aon duine, labhair mé agus ní raibh aon duine ag éisteacht. Rinne siad an rud a b'olc i mo shúile, agus an rud a thaitneodh liom, níorbh áil leo.


Cúiteoidh mé a gciontacht agus a bpeaca faoi dhó, de bhrí gur thruailligh siad mo dhúiche le conablacha a nithe fuafara, is líonadar m'oidhreacht lena ngráiniúlachtaí.”


Sea, go fiú na fáithe agus na sagart, tá siad aindiaga; i mo theach féin fuair mé a n‑urchóid - an Tiarna a labhraíonn.


Sheas siad a n‑íola sa Teampall a ghairthear i m'ainmse, á thruailliú.


Thóg siad áiteanna arda Bhál i nGleann Bhein Hionnom mar a dtugann siad ar a gclann mhac agus ar a n‑iníonacha dul tríd an tine do Mhoilic - rud nár ordaigh mise riamh, ní mó a tháinig i m'intinn go ndéanfaidís coireanna gránna mar iad - a thabhairt ar Iúdá peacú.’


Bhain siad feidhm dhíomasach as a n‑ornáidí áille; rinne siad a n‑íomhánna urchóideacha agus a n‑íola déistineacha leo. Dá bhrí sin fágfaidh mé mar ábhar uafáis acu iad.


Shín sé amach mar a bheadh lámh agus rug ar dhual gruaige orm, agus d'ordaigh an spiorad mé idir neamh agus talamh; agus thug go Iarúsailéim mé i bhfíseanna ó Dhia, chuig an ngeata isteach go dtí an chúirt inmheánach lastuaidh, mar a suíodh íomhá an éada agus í ag griosú chun éada.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí