Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 7:28 - An Bíobla Naofa 1981

28 Mar sin déarfaidh tú é seo leo: ‘Seo é an cine nach n‑umhlaíonn do ghuth an Tiarna, a nDia, agus nach ngabhann smacht. D'éag an fhírinne, gearradh amach í óna mbéal.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

28 Acht a déara tú ríu, Is cineadh íad so nach úmhluighionn do ghúth an TIGHEARNA a Ndía, agus nach gabhann smachd: déug a nfírinne, agus do gearradh amach í ó na mbéul.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 7:28
21 Tagairtí Cros  

Fóir orm, a Thiarna, óir níl fíréan le fáil, tá an fhírinne ar iarraidh i measc na hÁdhamhchlainne.


Ó tharla gur fuath leat mo dhlí agus go ndéanann tú neamhní de mo bhriathra?


Tús na heagna eagla Dé; is beag ar na hamadáin an eagna agus an teagasc.


Is pobal míréireach iad seo, is clann bhréagach, clann nach áil leo éisteacht le reacht an Tiarna.


Tá siad iompaithe ar ais ar chionta a n‑aithreacha rompu, a dhiúltaigh mo bhriathra a éisteacht; tá siad seo freisin ag dul i ndiaidh déithe eile agus ag fónamh dóibh. Tá an conradh a rinne mé lena n‑aithreacha briste ag teach Iosrael agus ag teach Iúdá.


Ní chluinfidís, ní thabharfaidís aird, d'éiríodar chomh ceanndána sin nach n‑éistfidís agus nach ngabhfadh teagasc.


Is go díomhaoin a bhuail mé síos bhur gclann mhac; níor ghabh sibh aon cheartú; bhur gclaíomh féin, mar leon craosach, a mharaigh bhur bhfáithe.


D'iompaigh siad a gcúl liomsa agus ní hé a n‑aighthe; agus tar éis dom iad a theagasc go moch agus go déanach ní éistfidís ná ní raibh aird acu ar a gceacht.


Gabh anonn agus anall trí shráideanna Iarúsailéim, féach anois, agus bíodh a fhios agat, cuardaigh a cearnóga; má éiríonn leat fear a fháil, oiread agus fear a dhéanann an ceart agus a iarrann an fhírinne, tabharfaidh mise ansin maithiúnas di, [a deir an Tiarna].


A Thiarna, nach é mian do shúl an fhírinne? Bhuail tú iad, ach ní raibh doilíos orthu. Bhasc tú iad, ach níor ghlac siad ceartú. Rinne siad a n‑aighthe níos crua ná carraig. Dhiúltaigh siad aithrí a dhéanamh.


Chuir mé fir faire ar mhaithe leo: éistigí le glor an stoic! Ach dúirt siadsan: ‘Ní éisteoimid.’


Is tréigtheoirí ceanndána iad uile, ag siúl rompu le lucht tromaíochta.


Gabhsa rabhadh, a Iarúsailéim, ar eagla go n‑iompóinn uait, agus fásach a dhéanamh díot, tír gan áitritheoirí.


Éistigí le briathar an Tiarna, a chlann Iosrael, mar tá an Tiarna in aighneas dlí le háitritheoirí na tíre. Óir níl aon dílse ná muintearas ná aithne ar Dhia sa tír,


Ní éisteann sí leis an teachtaireacht; ní ghlacann sí leis an teagasc; ní chuireann sí a muinín sa Tiarna, agus ní thagann sí in ngar dá Dia.


Deirinn liom féin: ‘Beidh eagla ortsa ar a laghad romham, agus foghlaimeoidh tú ceacht; agus ní scriosfar a háitreabh, ní bhainfear as a cuimhne go deo ná pionóis uile a chuir mé orthu siúd.’ Ach ní mar sin a tharla. Is amhlaidh atá siad ag brostú chun a ngníomhartha uile a thruailliú.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí