Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 51:22 - An Bíobla Naofa 1981

22 is leat a leag mé fear agus bean, óg agus aosta, an t‑ógánach agus an cailín,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Is maille riot fós bhrísfios mé na mblodhuibh fear agus bean; agus is maille riot bhrisfios mé na mblodhuibh sean agus óg; agus is maille riot bhrisfios mé na gcotchaibh an tógánach agus an cailín;

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 51:22
14 Tagairtí Cros  

Thug sé rí na gCaildéach ina gcoinne dá bhrí sin agus chuir siadsan a laochra óga chun báis le faobhar claímh i dteach a sanctóra, gan trua gan taise ar ógánach ná ar mhaighdean, ar sheanóir ná ar sheanduine cromtha. Thug Dia iad go léir ar láimh dó.


Gach aon a dtiocfar air, sáithfear le scian é; gach aon a mbéarfar air, titfidh sé leis an gclaíomh.


Bascfar a bpáistí os comhair a dhá súl, déanfar slad ar a dtithe agus éigean ar a mná.


Tá na gasúir á mbascadh agus na girseacha á mbrú. Toradh na broinne ní trua leo, ná níl trócaire ina súil d'aon mhac máthar.


is amhlaidh a dhéanfaidh rí na hAsaíre cimí na hÉigipte agus deoraithe Chúis a chinnireacht ar shiúl leis, idir óg agus aosta, tarnocht agus cosnocht agus másnocht.


Agus anois, is mar seo a labhraíonn an Tiarna, Dia na Slua, Dia Iosrael: ‘Cad chuige a dtabharfadh sibh an t‑anró céanna oraibh féin? An mian libh an uile dhuine idir fhir agus mhná, leanaí agus naíonáin a ghearradh amach as lár Iúdá, ionas nach bhfágfar fuíoll beo agaibh,


Claíomh don slua uile eachtrannach atá ina lár; go mba cosúil le mná iad! Claíomh dá stór maoine; go n‑ardaítear chun bóthair iad!


is leat a bhris mé an t‑aoire agus an tréad, an treabhadóir agus a sheisreach na huaisle agus na fir cheannais.


Tá mé lán d'fhearg an Tiarna táim tuirseach de bheith á coinneáil istigh. “Doirt amach mar sin é ar na leanaí sa tsráid, agus ar oireachtas na n‑ógfhear in éineacht. Tógfar uile iad: an fear agus an bhean, an seanóir liath agus an té atá lán de laethanta.


Tá mo shúile tnáite le caoineadh agus a bhfuil istigh ionam corraithe cráite; tá mo chroí á reabadh le brón mar gheall ar léirscrios mo phobail ionúin; óir tá naíonáin agus leanaí cíche ag snoí i gcearnóga na cathrach.


Tá óg agus aosta ina luí ar an talamh sna sráideanna; tá m'ógfhir agus mo mhaighdeana tar éis titim le faobhar an chlaímh; tusa a mharaigh iad ar lá do dhíbheirge; rinne tú sléacht orthu gan trua.


Maraígí ar áit na mbonn idir fhir - sean agus óg - agus chailiní, idir pháistí agus mhná; ach ná bainigí d'aon duine a bhfuil an comhartha air. Tosaigí ag mo shanctóirse.” Thosaigh siad, dá bhrí sin, leis na sinsir a bhí os comhair an Teampaill.


Lasmuigh déanfaidh an claíomh eirleach ar a gclann, agus laistigh beidh an scéin i réim. Ní mhairfidh ógfhear nó ógbhean, an leanbh cíche ná an seanduine liath.


Téigh anois agus buail Amáiléic agus cuir é féin agus a bhfuil aige faoin mbang. Ná tabhair anacal dó, ach scrios é idir fhear agus bhean, leanbh agus bhunóc, dhamh agus chaora, chamall agus asal.’ ”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí