Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 51:21 - An Bíobla Naofa 1981

21 Agus is leat a shín mé an t‑each agus an marcach, an carbad agus an carbadóir;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

21 Agus is maille riot bhrisfios mé na mblodhuibh an teach agus a mharcach; agus is maille riot bhrisfeas mé na mblodhuíbh an carbad agus a mharcach;

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 51:21
14 Tagairtí Cros  

Téanam agus feiceam oibreacha an Tiarna, na héachtaí móra a rinne sé ar talamh.


Tá lucht an chroí chalma arna gcreachadh, codlaíonn siad ina dtoirchim suain; tá lucht na lámh láidir gan taca.


Ansin is ea a chan Maois agus clann Iosrael an laoi seo leanas in onóir an Tiarna: “Canfaidh mé don Tiarna; rug sé an bua le barr glóire! Chaith sé i bhfarraige idir each agus charbadóir.


Chuir Miriám ceann ar an luinneog ag canadh dóibh: “Canaigí don Tiarna; rug sé bua le barr glóire! chaith sé i bhfarraige idir each agus charbadóir.”


Threascair sé carbaid Fhorainn agus a shlua san fharraige; d'fhág sé togha a mharcach báite i Muir na nGiolcach.


a sheol carbaid agus capaill chun catha agus slua ollmhór lena gcois; luigh siad fúthu gan éirí i ndán dóibh, múchadh iad mar bheadh barrach dóite:


Claíomh don slua uile eachtrannach atá ina lár; go mba cosúil le mná iad! Claíomh dá stór maoine; go n‑ardaítear chun bóthair iad!


Líonfar sibh go béal ag mo thábla le capaill agus marcaigh, le gaiscígh agus le curaidh de gach sórt - an Tiarna Dia a labhraíonn.”


Scartálfaidh mé bailte do thíre agus leagfaidh mé do dhúnta uile.


Stróiceadh an leon go leor creiche dá choileáin agus thachtadh sé a sáith di dá leoin bhaineanna. Líonadh sé a uaimheanna lena chreach, agus a phluaiseanna le conablaigh stróicthe.


Leagfaidh mé ar lár ríchathaoireacha ríochtaí agus scriosfaidh mé cumhacht na náisiún; leagfaidh mé na carbaid agus na carbadóirí; titfidh capaill agus marcaigh síos, gach ceann acu le claíomh a chomharsan.


I dteannta a chéile beidh siad mar laochra a shatlaíonn ar lathach na sráideanna sa chath. Fearfaidh siad cogadh, mar tá an Tiarna leo, agus an dream a bhíonn ag marcaíocht ar chapaill, cuirfear raon maidhme orthu.


“Ar an lá sin, a deir an Tiarna, cuirfidh mé alltacht ar gach uile chapall agus deargbhuile ar na marcaigh. Ach féachfaidh mé anuas le taitneamh ar theaghlach Iúdá nuair a chuirfidh mé daille ar chapaill uile na náisiún eile.


chun go n‑íosfaidh sibh feoil ríthe, agus feoil cheanafort, agus feoil na laochra, agus feoil na n‑each, agus feoil a marcach, agus feoil gach n‑aon idir shaoránach is dhaoránach, idir bheag agus mhór.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí