Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 40:15 - An Bíobla Naofa 1981

15 Labhair Ióchánán mac Cháiréach fiú le Gadailiá i Miozpá os íseal, á rá: “Lig domsa imeacht, agus maróidh mé Ísmeáéil mac Natainiá, agus ní bheidh a fhios ag aon duine. Cad chuige a maróidh sé thusa? Agus go scaipfí chun fáin arís na Giúdaigh uile a chruinnigh chugat. Cad chuige a mbasófaí fuíoll Iúdá?”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Ann sin do labhair Iohanan mhac Careah re Gedaliah ann Mispah go seicréideach, gha rádh, Léig dhamhsa imtheachd íarruim dathchuinge ort, agus muirfidh mé Ismael mhac Netaniah, agus ní bhiáidh a fhios ag áonduine: créd fá muirfeadh sé thusa, chor go scaóilfidhe na huile Iúduighe dar chruinnigh chugad, agus go mbáiseochthaói a mairionn ann Iúdah?

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 40:15
10 Tagairtí Cros  

Ach d'fhreagair na fir: “Ná téighse amach. Má chuirtear an teitheadh orainn, is cuma leo fúinn; agus má mharaítear leath againn, is cuma leo fúinn. Ach tusa! is fiú deich míle dínn thusa! Dá bhrí sin is fearr thusa a bheith ullamh le fóirithint orainn ón gcathair.”


Ach tháinig Aibísí mac Zarúá i gcabhair air, threascair an Filistíneach agus mharaigh. Ansin d'áitigh lucht leanúna Dháiví air á rá: “Ná téigh chun catha riamh arís linn,” ar siad, “d'fhonn nach múchfá lóchrann Iosrael.”


Nár dhúirt lucht mo bhotha: “An bhfuil aon duine nach bhfuair a sháith dá fheoil?”


chuaigh siad go Gadailiá i Miozpá: Ísmeáéil mac Natainiá, Ióchánán mac Cháiréach, Saráiá mac Thanhumat, clann mhac Éafaí an Natófátach, Iazainiá mac an Mhácátaigh, iad féin agus a muintir.


agus dúirt siad leis: “Guímid thú éist lenár n‑achainí! Guigh ar ár son chun an Tiarna do Dhia, ar son an fhuíll seo uile - óir níl fágtha againn ach beagán de mhórán, mar is léir do do shúile féin -


ná ní thuigtear daoibh gur fearr aon duine amháin a fháil bháis ar son an phobail, ná an cine go léir a dhul ar ceal.”


Agus tháinig sé fad leis na cróite caorach a bhí cois na slí, áit a raibh pluais. Chuaigh Sól isteach sa phluais chun a ghnó a dhéanamh. Bhí Dáiví agus a lucht leanúna ina suí i bhfad siar istigh sa phluais.


Ansin dúirt Aibísí le Dáiví: “Thug an Tiarna do namhaid i do láimh duit inniu! Déanfaidh mé é a shá go talamh le hiarracht dá shleá féin! Aon iarracht amháin air, ní bhuailfidh mé an dara ceann.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí