Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 40:14 - An Bíobla Naofa 1981

14 agus dúirt leis: “An bhfuil a fhios agatsa gur chuir Báilíos, rí na nAmónach, Ísmeáéil mac Natainiá do do mharú?” Ach ní chreidfeadh Gadailiá mac Aichíceám iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 Agus a dúbhradar ris, Ann bhfeidir tusa go dearbhtha gur chuir Baalis rígh na Nammoníteach Ismael mhac Netániah dod mharbhadh? Acht níor chreid Gedaliah mhac Ahicam íad.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 40:14
15 Tagairtí Cros  

Má thugtar fabhraíocht don urchóideach, ní fhoghlaimíonn sé ionracas, i dtír na córa, déanann sé urchóid; ní fheiceann sé maorgacht an Tiarna.


Eadóm, Móáb, agus clann Ámón;


Ansin tháinig Ióchánán mac Cháiréach, agus ceannairí uile an tslua a bhí fós ar fan faoin tuath, go Gadailiá i Miozpá,


chuaigh siad go Gadailiá i Miozpá: Ísmeáéil mac Natainiá, Ióchánán mac Cháiréach, Saráiá mac Thanhumat, clann mhac Éafaí an Natófátach, Iazainiá mac an Mhácátaigh, iad féin agus a muintir.


Sa seachtú mí, áfach, tháinig Ísmeáéil mac Natainiá, mac Eilíseámá, den síol ríoga, mar aon le deichniúr fear, chuig Gadailiá mac Aichíceám i Miozpá. Agus ag caitheamh béile lena chéile dóibh ansin i Miozpá,


Ansin rug Ísmeáéil leis an fuíoll uile den phobal a bhí i Miozpá, agus iníonacha an rí a d'fhág Nabúzaradán, ceann an gharda, faoi chúram Ghadailiá mac Aichíceám. Chuir Ísmeáéil mac Natainiá chun bóthair go moch ar a shlí anonn go dtí na hAmónaigh.


d'éirigh Ísmeáéil mac Natainiá ina sheasamh agus an deichniúr fear a bhí ina fhochair. Thug siad faoi Ghadailiá mac Aichíceám, mac Sheáfán, lena gclaimhte agus mharaigh siad an té dá ndearna rí na Bablóine rialtóir os cionn na tíre.


Ná cuirigí muinín as bhur gcomharsana; ná téigí ar iontaoibh bhur gcairde. Cosain doirse do bhéil ar do bhean chéile.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí