Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 39:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Nuair a chonaic Zidicíá rí Iúdá é sin theith sé féin agus na fir chogaidh uile as an gcathair de shiúl oíche, ag gabháil bealach ghairdín an rí tríd an ngeata idir an dá bhalla, agus [ag tabhairt aghaidh] ar an Arabá.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 ¶ Agus tárla, an tan do chonnairc Sedeciah rígh Iúdah íad, agus na fir chogaidh uile, gur theitheadar, agus go ndeachadar amach as an ccathruigh san noidhche a slighe gháirdin an rígh, annsa gheata idir an dá bhalla: agus do chuáidh seision amach a slighe an réitigh.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 39:4
17 Tagairtí Cros  

Chrom Hiziciá ar a shuíomh a dhaingniú; dheisigh sé na bearnaí sa bhalla, thóg sé túir air, agus thóg sé balla nua lasmuigh de. Dhaingnigh sé an Mileo i gcathair Dháiví. Rinne sé raidhse airm agus sciatha.


I lár báire, rinne sibh obair idir an dá mhúr faoi choinne uisce na Seanlinne. Ach níor chuimhnigh sibh ar an gCruthaitheoir ná ní fhaca an Té a mhúnlaigh an t‑iomlán fadó riamh.


tá do cheannfoirt uile i ndiaidh a thabhairt do na boinn, ina bpríosúnaigh gan bogha a lúbadh. An chuid is cróga agaibh, tá siad ina bpríosúnaigh, tar éis gur theith siad i bhfad ar shiúl.


ansin cuirfidh mé Airéal i ngéibheann, beidh éagaoin ann agus éagnach. Beidh tú i d'Airéal agam go dearfa, i do thóiteán tine;


agus ní rachaidh Zidicíá rí Iúdá as láimh na gCaildéach, ach go deimhin tabharfar i láimh rí na Bablóine é, agus labhróidh sé leis béal ar bhéal agus feicfidh sé é gnúis le gnúis.


Tógfaidh sé Zidicíá don Bhablóin agus fanfaidh sé ansin (go dtaga mise ar cuairt chuige - an Tiarna a labhraíonn. Má tá go dtroidfidh sibh leis na Caildéigh ní bhéarfaidh sibh bua!)’?”


An t‑uachtarán ina measc tógfaidh sé a mhála taistil ar a ghualainn sa dorchadas agus imeoidh sé leis; tochlóidh sé tríd an mballa agus rachaidh sé amach. Clúdóidh sé a aghaidh ionas nach bhfeicfidh sé an talamh lena shúile.


Tabharfaidh tú do mhála taistil amach de lá os comhair a súl mar mhála taistil deoraí; agus imeoidh tú leat sa tráthnóna os a gcomhair mar a dhéanann fir a théann ar deoraíocht faoi éigean.


Iompóidh mé oraibh agus buafaidh bhur naimhde oraibh. Beidh ceannas ag bhur n‑eascairde oraibh, agus teithfidh sibh gan aon duine sa tóir oraibh.


Maidir leo siúd a fhágfar, seolfaidh mé lagar isteach ina gcroí i gcríocha a naimhde; cuirfidh siosarnach duilleoige le gaoth an teitheadh orthu agus teithfidh siad mar a theithfeadh duine ón gclaíomh; titfidh siad gan fear ar a dtóir.


Ní bheidh an reathaire in ann teitheadh, caillfidh an tréanfhear a neart, ní thabharfaidh an gaiscíoch a bheatha slán.


“Tabharfaidh an Tiarna faoi deara go mbrisfear ort os comhair do naimhde; rachaidh tú amach ar feadh an aon bhóthair ina n‑aghaidh, ach gabhfaidh tú seacht mbóthar ar teitheadh uathu; beidh tú i do ábhar uafáis ag ríochtaí uile an domhain.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí