Irimia 39:3 - An Bíobla Naofa 19813 [Nuair a gabhadh Iarúsailéim] mháirseáil oifigigh uile rí na Bablóine isteach agus shuigh siad sa Gheata Meánach: Naergal Searaizir, [prionsa Shin Maigir, an ceann feadhna, Nabúiseazbán an t‑ardoifigeach], agus oifigigh uile rí na Bablóine. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)3 Agus thangadar uile phrionnsadha rígh na Babilóine a steach, agus do shuigheadar annsa gheata meadhónach, eadhon Nergal‐Sareser, Samgar‐nebo, Sarsechim, Rab‐saris, Nergal‐sareser, Rabmag, maille ris an ccuid oile uile do phrionnsadhuibh rígh na Babilóine. Féach an chaibidil |