Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 37:10 - An Bíobla Naofa 1981

10 Dá mb'ea go leagfadh sibh slua uile na gCaildéach atá ag troid in bhur n‑aghaidh anois agus nach mairfeadh díobh ach na fir loite, d'éireoidís arís, gach uile fhear acu ina bhoth, chun an chathair seo a dhó go talamh.’ ”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Oír dá mbeith go mbuáilfeadh sibh slúagh na Ccaldéanach uile throidios ann bhur naghaídh, agus nach mairfeadh achd daoine loitigh iona measc, thairis sin déireochaidís gach uile dhuine dhíobh ann a pháillíun, agus do loisgfidís an chathairsi le teine.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 37:10
15 Tagairtí Cros  

Níl agaibh ach umhlú síos i measc na gcimí, nó titim i measc na marbh. Ach níl a fhearg síothlaithe, tá a lámh sínte amach i gcónaí.


Gach aon a dtiocfar air, sáithfear le scian é; gach aon a mbéarfar air, titfidh sé leis an gclaíomh.


Ach tusa, tá tú caite amach as d'uaigh mar bheadh dramhaíl déistineach, ár agus coscairt chlaímh sa mhullach ort, agus tú ar chlocha na díge i do chosair chró.


Teithfidh míle, agus gan ach duine aonair ag bagairt, bagairt ó chúigear agus teithfidh deich míle, go dtí nach mbeidh fágtha díbh ach mar bheadh cuaille ar bharr cnocáin, mar bheadh comhartha ar mhullach sléibhe.


Óir tá m'aghaidhse curtha in éadan na cathrach seo chun oilc agus ní chun maitheasa - an Tiarna a labhraíonn. Tabharfar i láimh rí na Bablóine í, agus dófaidh sé go talamh í.’ ”


Tiocfaidh na Caildéigh atá ag ionsaí na cathrach seo agus cuirfidh trí thine í; loiscfidh siad na tithe ar ofráladh ar a ndíonta túis do Bhál, mar ar doirteadh amach tabhartais dí do dhéithe eachtrannacha, do mo bhrostúsa chun feirge.


Tharla, nuair a scoir slua na gCaildéach den léigear ar Iarúsailéim ar eagla shlua Fhorainn,


Tiocfaidh na Caildéigh arís, ionsóidh siad an chathair seo; tógfaidh siad í agus dófaidh go talamh í.


Mar sin éistigí le comhairle an Tiarna atá socair aige in éadan Eadóm, an plean atá beartaithe aige in éadan áitritheoirí Théamán: Sea, tógfar chun siúil fiú an té is laige den tréad, ar a fheiceáil sin dóibh, beidh a dtréad ar ballchrith.


Mar sin éistigí le comhairle an Tiarna, atá socair aige in éadan na Bablóine, an plean atá beartaithe aige in éadan tír na gCaildéach: Sea, tógfar chun siúil fiú an té is laige den tréad. Ar a fheiceáil sin dóibh, beidh a dtréad ar ballchrith.


Titfidh na mairbh i gcríoch na gCaildéach, agus an lucht gonta ar na sráideanna.


Na gaiscígh uile a bhíodh agam, tá an Tiarna tar éis iad a shéanadh; thug sé slua le chéile i m'aghaidh chun mo chuid ógánach a chloí; tá an Tiarna tar éis satailt sa chantaoir ar iníon fhíorógh Iúdá.


Ardaíonn an Tiarna a ghlór ar thosach a shlua; is do-áirithe an t‑arm atá aige agus is cumhachtach an té a chomhlíonann a orduithe. Óir lá mór is ea lá an Tiarna agus is scéiniúil é go deimhin. Cé atá in ann a fhulaingt?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí