Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 30:19 - An Bíobla Naofa 1981

19 Tiocfaidh astu amach buíochas agus glórtha daoine a dhéanann lúcháir. Déanfaidh mé líonmhar iad, agus ní bheidh laghdú orthu; déanfaidh mé glórmhar iad, agus ní bheidh siad faoi dhímheas.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

19 Agus tiucfuidh asda amach buidheachus agus gúth na druinge do ní gáirdeachus: agus foirlionfa mé íad, agus ní bhéid gann; do dhéana me fós glórmhar íad, agus ní laighdeochar íad.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 30:19
39 Tagairtí Cros  

Cheiliúir siad féile an tSlimaráin ar feadh seacht lá le háthas croí, mar thug an Tiarna ábhar lúcháire dóibh, mar gur bhog sé croí rí na hAsaíre le misneach a thabhairt dóibh i mbun a saothair ar Theampall an Tiarna, Dia Iosrael.


Agus d'imigh an pobal go léir leo a ithe agus a ól agus a thabhairt scaireanna uathu agus a dhéanamh gairdis toisc gur thuig siad brí na nithe a fógraíodh dóibh.


Rinne comhthionól iomlán na muintire a d'fhill ó dheoraíocht scáthláin agus chuaigh chun cónaithe iontu; ní dhearna clann Iosrael riamh a leithéid ó laethanta Iósúa mac Nún go dtí an uair sin. Bhí lúcháir mhór ann.


Beidh siad ar crith le heagla gan aon chúis eagla acu. Óir scaip Dia cnámha do lucht ionsaithe; tugadh a náire agus dhiúltaigh Dia dóibh.


Déarfaidh tú an lá sin: “Tugaim buíochas duit, a Thiarna; bhí fearg ort liom ach tá d'fhearg síothlaithe agus thug tú sólás dom.


Méadaigh do phobal, a Thiarna, méadaigh é; tabhair glóir don phobal, cuir fairsinge le críocha na tíre go léir!


Sna laethe atá le teacht cuirfidh Iacób péacáin amach, tiocfaidh bláth agus toradh ar Iosrael; líonfaidh sé aghaidh na talún le torthaí.


agus an dream atá saortha ag an Tiarna, leanfaidh siad abhaile é. Tiocfaidh siad go Síón, ag liúireach le gairdeas, agus aoibhneas síoraí ina choróin ar a gceann; tiocfaidh áthas agus aoibhneas ag triall ina gcuideachta, agus beidh casaoid agus crá bailithe leo ar shiúl.


An pobal atá saortha ag an Tiarna, tá siad ag filleadh, tá siad ag teacht go Síón ag liúireach le gairdeas. Tá aoibhneas síoraí ina choróin ar a gceann, áthas agus aoibhneas ag triall ina gcuideachta, casaoid agus crá bailithe leo ar shiúl.


Is ea, tá trua ag an Tiarna do Shíón, tá trua aige di ina ballóga ar fad mar atá. As an díthreabh sin aici déanfaidh sé Éidin, agus as a gaineamhlach gairdín don Tiarna. Cloisfear gártha áthais agus lúcháire ann, altú buíochais agus siansa ceoil.


Scairtigí amach le háthas, a bhallóga Iarúsailéim! mar tá an Tiarna ag tabhairt sóláis dá mhuintir, tá sé ag fuascailt Iarúsailéim.


Seo, glaofaidh tú ar chiníocha nárbh aithin duit agus tiocfaidh ciníocha gan aithne ort chugat ina rith. Toisc an Tiarna, do Dhia, agus Neach Naofa Iosrael, ós é a chuir maise ort.


Ní bheidh an ghrian mar sholas agat feasta sa lá ná loinnir ghealaí le teacht na hoíche. Is é an Tiarna a bheidh agat ina sholas síoraí agus do Dhia ina bharr maise ort.


An té is lú díobh déanfar míle de, agus cine láidir as an mbaicle bheag. Mise an Tiarna, tá mé tar éis labhairt; in am trátha cuirfidh mé i gcrích é.


Soithí is ea iad ag bailiú as críocha na farraige, agus longa Thairsís ar a gceann, ag iompar do chlann mhac ó i bhfad i gcéin agus a gcuid óir agus airgid in éindí leo, ar son ainm an Tiarna do Dhia agus Neach Naofa Iosrael, os é a chuir maise ort.


Tiocfaidh siad as bailte Iúdá, as na ceantair thart ar Iarúsailéim, as tír Bhiniáimin, as an Achréidh, as na sléibhte agus as an Neigib, ag tabhairt ofráil loiscthe agus íobairtí, tabhartas bia agus túise, agus íobairtí molta i dTeampall an Tiarna.


Agus nuair a líonfar agus a mhéadófar sibh sa tír, ansin - an Tiarna a labhraíonn - ní déarfaidh aon duine arís go deo: ‘Áirc chonradh an Tiarna’, ná ní bheidh smaoineamh uirthi ná cuimhne, ní bheidh caitheamh ina diaidh ná ní dhéanfar arís í.


“Féach, tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - agus síolchuirfidh mé teach Iosrael agus teach Iúdá le síol an duine agus le síol an bheithígh.


Tógfaidh mé thú an athuair agus atógfar thú, a mhaighdean Iosrael. Beidh tú sciamhach arís, agus déanfaidh tú meidhir sa rince le do chuid tiompán.


Mar nach féidir slua neimhe a áireamh ná gaineamh na farraige a thomhas, is mar sin a mhéadóidh mise sliocht Dháiví mo shearbhónta agus na Léivítigh, a dhéanann [mar aon leis na hoidhrí seo] freastal orm.’ ”


“Seo mar a deir an Tiarna Dia: Ligfidh mé do mhuintir Iosrael an gar eile seo a iarraidh orm, is é sin, a líon daoine a mhéadú amhail tréad,


Thairngir mé mar a dúradh liom agus tháinig an anáil isteach iontu. Bhí siad beo agus d'éirigh siad ina seasamh, slua ábhalmhór acu.


Déanfaidh mé conradh síochána leo; conradh síoraí a bheidh ann. [Beannóidh] mé agus cuirfidh mé rath orthu; tógfaidh mé mo shanctóir ina measc go deo.


Ligfidh mé fead orthu agus cruinneoidh mé iad le chéile; óir, táim tar éis iad a fhuascailt. Agus beidh siad chomh líonmhar agus a bhí siad riamh.


Ar an lá sin, cosnóidh an Tiarna áitritheoirí Iarúsailéim agus ar an lá sin freisin beidh an duine is laige díobh cosúil le Dáiví agus beidh teaghlach Dháiví féin cosúil le Dia, cosúil le haingeal an Tiarna, ar a dtosach.


“Cad chuige a bhfuil siad seo ag teacht?” arsa mise. “Tá na hadharca úd tar éis Iúdá a scaipeadh sa chaoi nach bhfuil tógáil a chinn ag duine ar bith,” ar seisean liom, do mo fhreagairt, “ach tá na gaibhne seo tagtha chun scanradh a chur orthu; leagfaidh siad ar lár adharca na náisiún a d'ardaigh a n‑adharca os cionn mhuintir Iúdá chun iad a scaipeadh.”


Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: “Beidh troscadh an ceathrú agus an cúigiú agus an seachtú agus an deichiú mí ina n‑ábhar áthais agus lúcháire agus ina bhféilte aoibhnis do theaghlach Iúdá. Dá bhrí sin, gráigí an fhírinne agus an tsíocháin.”


Agus an ghlóir a thug tú dom, thug mise dóibhsean é, ionas go mba aon iad faoi mar is aon sinne;


d'fhonn go bhfaighfí fíormhianach bhur gcreidimh, atá níos luachmhaire ná ór - rud atá somhillte cé go dtástáiltear sa tine é - ag dul chun molta agus onóra agus glóire tráth a fhoilseofar Íosa Críost.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí