Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 30:18 - An Bíobla Naofa 1981

18 Seo mar a deir an Tiarna: Tabharfaidh mé ar ais anois both an Tiarna, agus déanfaidh mé trua dá áiteanna cónaithe; tógfar an chathair arís ar a carn féin, atógfar an daingean ar a láithreán.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

18 ¶ Is marso a deir an TIGHEARNA; Féuch, do bhéara mé ar ais braighdionas phailliúin Iácob, agus do dhéana mé trócaire air a áitibh comhnuidhe; agus cuirfighear an chathair súas air a cárn féin, agus fanfaidh an pálás do réir a ghnátha féin.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 30:18
38 Tagairtí Cros  

Dúirt Dáiví rí ansin leis an gcomhthionól go léir: “Solamh mo mhac, an té sin amháin a roghnaigh Dia thar chách, tá sé óg ar bheagán taithí, agus is mór é an saothar; óir ní do dhuine an pálás seo, ach don Tiarna Dia.


Tabhair do Sholamh mo mhac croí meáite ar d'aitheanta, do reachtanna, agus d'fhorálacha, a chomhlíonadh; go gcuire sé iad go léir i bhfeidhm agus an pálás seo a d'ullmhaigh mé duit a thógáil.”


Ba mhór agus b'fhairsing í an chathair ach ba bheag é a líon daoine, gan aon tithe nua tógtha.


Maireann tú, a Thiarna, go brách na breithe; maireann d'ainm ó ghlúin go glúin.


Éireoidh tú agus déanfaidh tú trócaire ar Shíón, óir is mithid duit trua a dhéanamh di, toisc gur tháinig a hionú isteach.


Síocháin go raibh laistigh de do mhúrtha, agus flúirse i do phálás.


Siúlaigí Síón agus triallaigí ina timpeall comhairigí a túir.


Is álainn an cnoc é a shliabh naofa, áthas an domhain uile. Is é Cnoc Shíón de leith an tuaiscirt cathair an ArdRí.


Thóg sé a scrín i gcosúlacht neimhe; mar an talamh a bhunaigh sé go brách.


Do stiúrthóir an chóir. Salm le clann Chorach.


a chuireann téagracht i mbriathar mo shearbhónta, a chuireann bearta mo theachtaí i gcrích. Is mise a deir i dtaobh Iarúsailéim: “Bíodh cónaí inti!” agus faoi bhailte Iúdá: “Tógtar iad arís!” agus a dhéanann na ballóga sin a atógáil.


Is mise a deir i dtaobh Chíorais: “Is é mo thréadaí é! déanfaidh sé mar is rún liom,” ag rá i dtaobh Iarúsailéim: “Tógtar suas arís í.” Agus i dtaobh an Teampaill: “Cuirtear ar bun é as an nua!”


Ach cruinneoidh mé féin fuílleach mo thréada as gach uile thír inar dhíbir mé iad, agus tabharfaidh mé ar ais iad chun a dtalamh féaraigh: beidh siad síolmhar agus méadófar iad.


Óir tá fios mo smaointe agam in bhur dtaobh - an Tiarna a labhraíonn - smaointe síochána agus ní oilc, a thabhairt croí agus dóchais daoibh.


Beidh mise ar fáil agaibh - an Tiarna a labhraíonn. Tabharfaidh mé ar ais bhur gcuid daoibh, agus cruinneoidh mé sibh as na ciníocha uile agus as gach uile áit ar dhíbir mé sibh, an Tiarna a labhraíonn. Tabharfaidh mé ar ais sibh chun na háite as ar ruaig mé sibh.


Óir féach tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - ina gcuirfidh mé an rath arís ar mo phobal Iosrael (agus Iúdá), a deir an Tiarna, agus tabharfaidh mé orthu filleadh ar an tír a thug mé dá sinsir, agus sealbhóidh siad í.’ ”


Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: “Bainfidh siad leas athuair as na briathra seo i dtír Iúdá agus ina bailte nuair a thabharfaidh mé ar ais iad: ‘Go mbeannaí an Tiarna thusa, a choimín an chirt, a shliabh na naofachta!’


“Féach, tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - a n‑atógfar cathair Iarúsailéim ó Thúr Hananael go Geata an Choirnéil.


Tógfaidh mé thú an athuair agus atógfar thú, a mhaighdean Iosrael. Beidh tú sciamhach arís, agus déanfaidh tú meidhir sa rince le do chuid tiompán.


Agus an gleann frí chéile, gona chorpáin is a luaithreach, agus na goirt uile cois sruth Chidreon soir chomh fada le coirnéal Gheata na nEach, beidh sin coisricthe don Tiarna. Ní scriosfar arís é ná ní mhillfear arís é go deo.”


Óir is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: ‘Ceannóidh daoine garraithe agus fíniúna arís sa tír seo.’


Ceannóidh daoine garraithe ar airgead, déanfaidh siad amach cuntais, cuirfidh séala orthu agus glaofaidh ar fhinnéithe i dtír Bhiniáimin, sna ceantair timpeall Iarúsailéim, i mbailte Iúdá agus na sléibhte, sna hísleáin agus sa Neigib. Óir cuirfidh mé ar bun arís iad - is é an Tiarna a labhraíonn.’ ”


guth na lúcháire agus an ghairdeachais, glórtha an fhir nuaphósta agus na brídeoige, agus an dream a bheir íobairtí buíochais go Teampall an Tiarna ag gabháil foinn: Molaigí Tiarna na Slua, óir is maith é an Tiarna, óir maireann a bhuanghrá go brách. “Óir atógfaidh mé an tír seo mar an gcéad uair. Fógraíonn an Tiarna é!’


Déanfaidh mé Iúdá agus Iarúsailéim a athnuachain agus atógfaidh mé iad mar a bhí siad an chéad uair.


Ach ná bíodh eagla ort, a shearbhónta liom, a Iacóib, ná bíodh scanradh ort, a Iosrael: féach, sábhálfaidh mise thú as tíortha i gcéin, agus do shliocht as tír a ndaoirse. Beidh Iacób ar ais arís i suaimhneas agus mairfidh go sóúil, ní chuirfidh aon duine eagla air.


“Ach amach anseo tabharfaidh mé ar ais liom bránna chlann mhac Amón. Is é an Tiarna a labhraíonn.”


Méadóidh mé idir dhaoine agus ainmhithe oraibh; fásfaidh siad agus beidh breis orthu. Cuirfidh mé líon daoine oraibh mar a bhí i gcéaduair; déanfaidh mé sibh níos rathúla ná mar a bhí anallód, agus tuigfidh sibh dá bharr gur mise an Tiarna.


Cuirfidh mé bail ar mo phobal Iosrael athuair; tógfaidh siad na cathracha scriosta agus cónóidh siad iontu; cuirfidh siad fíniúna agus ólfaidh siad a bhfíon; saothróidh siad gairdíní agus íosfaidh siad dá dtorthaí.


Dúirt aingeal an Tiarna ansin: ‘A Thiarna na Slua, cá fhad eile a bheidh tú gan trua a ghlacadh do Iarúsailéim agus do chathracha Iúdá, a bhfuil tú i bhfeirg leo le seachtó bliain anuas?’


Ar an ábhar sin labhraíonn an Tiarna mar seo: Tá mé tar éis filleadh ar Iarúsailéim le barr trua di. Atógfar mo Theampall inti, a deir Tiarna na Slua, agus sínfear an dorú tomhais thar Iarúsailéim.


Ar an lá sin, déanfaidh mé ciseán tine i lár coille agus tóirse lasrach i measc punann de chlanna Iúdá; loiscfidh siad náisiúin uile na comharsanachta ar dheis agus ar chlé. Ach beidh Iarúsailéim á háitriú agus í suite go daingean ina hionad féin i gcónaí.


“Sábhálfaidh an Tiarna bothanna Iúdá ar dtús i dtreo nach sáróidh glóir theaghlach Dháiví agus áitritheoirí Iarúsailéim glóir Iúdá.


Déanfar machaire den dúiche go léir ó Gheaba go dtí Rimeon, áit atá laisteas de Iarúsailéim. Ach fanfaidh Iarúsailéim ina hionad ar na harda agus beidh daoine ina gcónaí inti ó Gheata Bhiniáimin go dtí an áit ina raibh an seangheata, is é sin, go dtí Geata an Choirnéil, agus ó Thúr Hananael go dtí cantaoireacha fíona an rí.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí