Irimia 30:16 - An Bíobla Naofa 198116 Ach gach aon a shlog thusa slogfar iad féin, rachaidh lucht d'ansmachta uile i ndaoirse, creachfar lucht do chreachta, agus gach aon dár airg thusa, tabharfaidh mise mar argain iad. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)16 Uimesin gach a sluigionn thusa biáid sluigthe; agus rachaid do naimhde uile, a ndaóirsine; agus gach áon dá ccreachann thú biáid féin na ccreich, agus gach áon dá nairgionn tú do bhéara misi mar arguin íad, Féach an chaibidil |
Tiocfaidh na ciníocha faoina gcoinne agus déanfaidh siad iad a thionlacan ar ais ionsar a n‑áit dúchais, agus fostóidh teaghlach Iosrael iad mar sclábhaithe agus searbhóntaí dóibh féin ar thalamh an Tiarna. Tógfaidh siad mar bhraighdeanaigh iad siúd ag a raibh siad ina mbraighdeanaigh, agus beidh smacht acu ar lucht a mbrúite.