Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 30:15 - An Bíobla Naofa 1981

15 Cad chuige a n‑éagaoineann tú d'ainnise? Tá do phian doleigheasta. Rinne mé na nithe sin uile leat, mar gheall ar mhéid do chiontachta, agus ar iomadúlacht do pheacaí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Cred fa néighionn tú ar son haindeise? atá do dhóbron dóileighis do bhrígh iomaid héigceirt: do bhrígh gur mhéaduigheadar do pheacuidhe, do rinne mé na neithesi riot.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 30:15
45 Tagairtí Cros  

“Agus anois tar éis ar bhain dúinn de bharr ár ndrochghníomhartha agus ár mórchiontachta - cé go ndearna tusa, a Dhia, ár gcionta a mheas níos éadroime ná mar is cóiriúil iad agus gur fhág tú an fuíoll áir seo anseo againn -


D'fhan sé socair gan aon duine a dhaoradh; Nuair a cheileann sé a aghaidh, cé ar féidir dó é a fheiceáil?” Ach bíonn trócaire aige ar náisiún agus ar dhaoine,


Tá breitheamh mo chúise i bhfaltanas liom, Is tinn é mo chréacht cé nach ndearna mé coir.”


Buaileadh breoite iad de dheasca a bpeacaí; bhíodar á gcrá de dheasca a gcionta.


ó bhonn na gcos go baithis, níl ball folláin ann: créachtaí, fearbacha, cneánna oscailte nach ndeachaigh bréid ná ceangal orthu, ná cógais ola.


Rinne sé a romhar agus a ghlanadh ó chlocha, agus chuir sé togha na bhfíniúnacha ann, thóg sé túr faire ina lár, agus thochail cantaoir ann leis. Agus bhí sé ag dréim le caora fíona uaidh, ach thug sé fiachaora dó.


Óir ní lia bailte agat, a Iúdá, ná déithe, ní lia sráideanna ag Iarúsailéim ná altóirí túis ag Bál.


Cad chuige a bhfuil mé ag síorfhulaingt, a bhfuil mo chneá gan leigheas, agus í doleigheasta? An mbeidh tú domsa amhail sruthán bréagach a bhfuil a uisce neamhbhuan?


Tá d'olc féin do do smachtú, do shleamhnú thar n‑ais do do cheartú; bíodh a fhios go maith agat gur searbh agus gurb olc an mhaise duit an Tiarna do Dia a thréigean agus gan m'eagla a bheith ionat - is é Tiarna na Slua a labhraíonn.


Sea, is mar seo a deir an Tiarna: Tá do chneá doleigheasta, tá do lot gan cneasú.


Rinne d'aos grá uile dearmad díot, ní iarrann siad níos mó thú. Sea, bhuail mé le buille namhad thú, buille neamhthrócaireach (mar gheall ar mhéid do chiontachta agus ar iomadúlacht do pheacaí).


Ach gach aon a shlog thusa slogfar iad féin, rachaidh lucht d'ansmachta uile i ndaoirse, creachfar lucht do chreachta, agus gach aon dár airg thusa, tabharfaidh mise mar argain iad.


Ach casfaidh mise do shláinte ar ais chugat, agus leigeasfaidh mé do chréachtaí - an Tiarna a labhraíonn. Óir ghairidís ‘An Díbeartach'díot, ‘Éadáil linn ar cuma le haon duine í!’


Éirigh suas go Gileád ar lorg íoca, a mhaighdean, a iníon na hÉigipte! Is go díomhaoin a ghlacann tú mórán oideas; níl leigheas i ndán duit.


Santaíonn gach aon díobh an brabach mí-ionraic, ón té is lú go dtí an té is mó; an sagart agus an fáidh araon, déanann siad uile bearta bréagacha.


Ag a naimhde atá an ceannas; tá a heascairde uile faoi rath; óir tá an Tiarna tar éis í a chiapadh de dheasca oll-líon a peacaí; tá a leanaí imithe ina gcimí os comhair a namhad amach.


Cá bhfaighidh mé do leithéid nó do shamhail, a iníon Iarúsailéim? Cad leis a samhlóinn thú chun tú a shólású, a iníon ógh Shíón? Óir, tá do scrios chomh leathan leis an bhfarraige. Cé a fhéadfaidh thú a leigheas?


Cén fáth a ndéanfadh duine ar bith gearán, go háirithe an fear atá ann fós d'ainneoin a pheacaí?


A mhilleán sin ar pheacaí a fáithe agus ar chionta a sagart, a dhoirt amach laistigh di fuil na bhfíréan.


Níl luibh ná leigheas in aghaidh [buille an Tiarna], óir d'aimsigh sé Iúdá agus bhain sé amach geata mo phobail agus tháinig sé fad le Iarúsailéim féin.


Caithfidh mé cur suas le fearg an Tiarna - mar pheacaigh mé ina choinne - go dtí go n‑agraíonn sé mo chúis agus go seasann sé ceart dom. Treoróidh sé mé chun an tsolais agus feicfidh mé na gníomhartha slánaitheacha a dhéanann sé.


Níl aon legheas ar do lot; is marfach í do chneá. An uile dhuine a chloiseann do scéal, buaileann sé bosa mar gheall ort. Óir cé air nár luigh do dhanarthacht gan staonadh?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí