Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 3:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Sin é an fáth ar coinníodh siar na ceathanna, agus nach raibh fearthainn an earraigh ann. Agus choinnigh tú go dána ort d'aghaidh striapaí, b'fhada uait lasadh agus náire.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Uimesin do congmhadh na ceatha, agus ní raibh an fearthuinn deireanach ann; agus do bhí éadan stríopuidh agadsa, do dhiúlt tú bheith náireach.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 3:3
28 Tagairtí Cros  

Lá arna mhárach dúirt an té ba shine leis an té a ba óige: “Féach, luigh mé aréir le d'athair; cuirimis ar meisce le fíon arís anocht é; ansin téighse isteach chuige agus luigh leis. Ar an tslí sin, beidh sliocht orainn ónár n‑athair.”


Dhiúltaíodar géilleadh, gan cuimhne acu ar na hiontais A rinne tú dóibh. D'éirigh siad ceanndána, Agus [rith sé leo] fiú filleadh ar an Éigipt, agus ar a ndaoirse. Ach is Dia maithiúnais thú, Lán de chineáltas agus de thrócaire, Mall chun feirge, gan teorainn le do bhuanghrá; Níor thréig tú iad.


Bíonn gothaí na muiníne ar an urchóideach; déanann an fíréan a bhearta féin a mheá.


Déanfar slad air, agus beidh sé gan bearradh gan saothrú, agus sceacha agus driseacha ag fás air. Crosfaidh mé ar na néalta an fhearthainn a fhearadh air.


Briathar an Tiarna a tháinig go Irimia ar uair an triomaigh:


An bhfuil aon cheann de dhéithe na bpágánach a thabharfadh fearthainn? An bhféadann na spéartha ceathanna a thabhairt? Ach is tusa féin é, a Thiarna. Ó a Dhia linn, is tú ár ndóchas, is tú a dhéanann gach ní acu seo.


Cuireann na huaisle a gcosmhuintir faoi dhéin uisce, tagann siad chun na ndabhach, agus ní bhfaigheann uisce, filleann siad gona soithí folmha.


Diúltaíonn an talamh aon toradh a thabhairt, mar ní raibh fearthainn ann; tá anbhá ar na treabhdóirí agus folaíonn siad a gceann.


“Tóg thusa scrolla agus scríobh ann na briathra uile dár labhair mise leat i dtaobh Iarúsailéim agus Iúdá agus an uile chine ón lá ar labhair mé i dtús leat go dtí inniu.


Ní dúirt siad ina gcroí: ‘Seo anois, bíodh eagla an Tiarna, ár nDia orainn; tugann sé fearthainn go luath, agus go déanach gach bliain go tráthúil, coimeádann dúinn seachtainí cinnte an fhómhair.’


Thóg bhur gcionta nithe maithe uaibh, ghiorraigh bhur bpeacaí na fabhair seo.


A Thiarna, nach é mian do shúl an fhírinne? Bhuail tú iad, ach ní raibh doilíos orthu. Bhasc tú iad, ach níor ghlac siad ceartú. Rinne siad a n‑aighthe níos crua ná carraig. Dhiúltaigh siad aithrí a dhéanamh.


Náire ba chóir a bheith orthu mar gheall ar a n‑imeachtaí gránna. Beag an baol! Níl ciall do náire acu, ní mó is féidir leo lasadh. Ar an ábhar sin mar a thiteann daoine eile, titfidh siadsan freisin; teilgfear anuas iad nuair a thiocfaidh mise ar cuairt acu - a deir an Tiarna.”


Náire ba chóir a bheith orthu mar gheall ar a n‑imeachtaí gránna. Beag an baol! Níl ciall do náire acu, ní mó is féidir leo lasadh. Ar an ábhar sin, mar a thiteann daoine eile, titfidh siadsan freisin; teilgfear anuas iad nuair a thiocfaidh mise ar cuairt acu, a deir an Tiarna.


Cé hé an duine críonna a thuigfidh é seo? Cé leis a labhair béal an Tiarna féin le go bhfoilseodh sé: Cad chuige ar scriosadh an tír, agus go ndearnadh fásach di gan siúl aon duine inti?


Ach ní éistfidh muintir Iosrael leat mar ní eistfidh siad liomsa. Is sotalach ceanndána iad muintir Iosrael go léir.


Brisfidh mé bhur neart uabhair; fágfaidh mé bhur spéir ina iarann agaibh agus bhur dtalamh ina phrás.


Choinnigh mé uaibh an fhearthainn fosta, agus an fómhar trí mhí fós ar shiúl; thug mé air fearthainn a chur ar chathair amháin agus gan a chur ar chathair eile; bhí sé ag cur ar pháirc amháin agus an pháirc nár tháinig fearthainn uirthi chríon sí.


Shiúil pobail dhá chathair nó trí chuig cathair eile ar lorg fíoruisce, agus níor mhúch siad a dtart; ach mar sin féin níor fhill sibh orm, a deir an Tiarna.


Cruinnígí le chéile, is ea, cruinnígí le chéile, a chine gan náire,


Istigh inti ina lár tá an Tiarna cóir; ní dhéanann sé an t‑éigeart riamh. Maidin i ndiaidh maidine fógraíonn sé a bhreithiúnas; le lonradh an lae ní loiceann sé riamh. Ach níl ciall ar bith do náire ag an drochdhuine.


Táim tar éis triomach a ghlaoch anuas ar an talamh, ar na cnoic, ar an arbhar, ar an úrfhíon, ar an ola, ar thorthaí uile na talún, ar na daoine agus ar na beithígh agus ar a saothar go léir!”


Beidh na spéartha os do chionn ina bprás, agus an talamh faoi do bhonn ina iarann.


Féachaigí chuige nach ndiúltóidh sibh éisteacht leis an té atá ag labhairt libh. Óir más rud é nár éalaigh na daoine sin slán a dhiúltaigh éisteacht leis an té a thug foláireamh dóibh ar talamh is lú go mór ná sin an chaoi éalaithe a bheidh againne má thugaimid ár gcúl leis an té a thugann foláireamh dúinn ó neamh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí