Irimia 3:17 - An Bíobla Naofa 198117 Nuair a thiocfaidh an t‑am sin gairfear de Iarúsailéim: ‘Ríchathaoir an Tiarna’; cruinneoidh na ciníocha uile chuici in ainm an Tiarna, agus ní shiúlfaidh siad níos mó de réir spreagadh a ndroch-chroí féin. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)17 Annsa namsin goirfid Dierusalem cathaóir an TIGHEARNA; agus cruinneochthar na críocha uile chuice, go hainm an TIGHEARNA, go Hierusalem: agus ní shiubholfuid síad ní sa mhó do reir bhreathnuighe a ndroch chroidhe féin. Féach an chaibidil |
Agus ar ais as na náisiúin uile, ina dtabhartais don Tiarna, tabharfaidh siad leo bhur muintir go léir - ar muin capaill, i gcarbaid agus ar eileatroim, ar mhiúileanna agus ar chamaill rásaíochta - go dtí mo shliabh beannaithe in Iarúsailéim, a deir an Tiarna, ar nós mar iompraíonn clann Iosrael an tabhartas i soithí glana go teampall an Tiarna.