Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 27:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Cibé cine nó ríocht nach ngéillfidh do Nabúcadnazar rí na Bablóine, agus nach gcromfaidh a muineál faoi chuing rí na Bablóine, smachtóidh mise an cine sin leis an gclaíomh, leis an ngorta, leis an bplá - a deir an Tiarna - go dtuga mé ina láimh é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Agus tiucfaidh a ccrích, gidh bé cineadh ná rioghacht nach bhfoigheonuidh don Nebuchadnessar chéadnasan rígh na Babilóine, agus nach ccuirfe a muinéil fa chuing rígh na Babilóine, smaichteocha misi an cineadhsin, a deir an TIGHEARNA, leís an ccloidheamh, agus leis an ngorta, agus leis an bpláigh, nó go scriosta mé iad le na láimhsion.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 27:8
15 Tagairtí Cros  

Cuirfidh mé an claíomh, an gorta agus an phlá ina gcoinne go scriosfar iad as an talamh a thug mé dóibh féin agus dá n‑aithreacha.”


cuirfidh mé fios anois ar chlann uile an tuaiscirt (an Tiarna a labhraíonn - ag tagairt do Nabúcadnazar rí na Bablóine, mo sheirbhíseach) agus tabharfaidh mé anuas ar an tír seo iad agus ar a háitritheoirí (agus ar na ciníocha seo uile máguaird); scriosfaidh mé iad agus déanfaidh mé uafás díobh, agus scige agus náire shíoraí.


An cine, áfach, a chromann a mhuineál faoi chuing rí na Bablóine agus a dhéanann fónamh dó, fágfaidh mé faoi shíocháin iad ina dtír féin - a deir an Tiarna - saothróidh siad í agus fanfaidh siad ann.’ ”


Cad chuige a n‑éagfadh sibh, tú féin agus do mhuintir, leis an gclaíomh, leis an ngorta, leis an bplá a bhagair an Tiarna ar an gcine nach ngéillfidh do rí na Bablóine?


Óir seo mar a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Is cuing iarainn a chuirim anois ar mhuineál na gciníocha seo uile le go mbeidh siad faoi chois ag Nabúcadnazar rí na Bablóine. Beidh siad faoina smacht; fiú na mbeithíoch allta, tá siad tugtha agam dó.’ ”


Tabharfaidh mé ar ais freisin Iacoiniá mac Iahóiácaím, rí Iúdá, agus deoraithe uile Iúdá a chuaigh chuig an mBablóin - an Tiarna a labhraíonn. Sea, brisfidh mé cuing rí na Bablóine.’ ”


Is mar seo a deir Tiarna na Slua: “Tabharfaidh mé anois an claíomh orthu, an gorta agus an phlá; déanfaidh mé cosúil le fígí lofa iad nach féidir a ithe ar a n‑olcas.


Leanfaidh mé iad leis an gclaíomh, leis an ngorta, leis an bplá, agus déanfaidh mé díol uafáis díobh do ríochtaí uile an domhain, ina mallú, ina n‑iontas, ina magadh, ina scige i measc na gciníocha uile inar dhíbir mé iad,


Mhionnaigh Gadailiá mac Aichíceám, mac Sheáfán, dóibh sin agus dá muintir: “Ná bíodh eagla oraibh,” ar sé, “géilleadh do na Caildéigh; ach cónaígí sa tír agus umhlaígí do rí na Bablóine, agus rachaidh sé go maith daoibh.


“Seo mar a deir an Tiarna: Nach mó fós a tharlóidh nuair a ghearrfaidh mé mo cheithre phionós nimhneacha ar Iarúsailéim - an claíomh, an gorta, ainmhithe allta agus an phlá - ionas go scriosfar ann gach fear agus ainmhí!


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí