Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 27:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 Beidh na ciníocha uile umhal dó féin, dá mhac agus do mhac a mhic, nó go dtaga am cinnte a thíre féin ar a seal agus go gcuirfidh náisiúin chumhachtacha agus ríthe móra é féin i ndaoirse.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Agus foigheonuid na huile chineadhacha dhó, agus da mhac, agus do mhac a mhacibh, nó go ttí am cinnte a thíre: agus annsin do bhéaraid mórán cineadhach agus ríghthe móra airsion foghnamh dhóibh.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 27:7
29 Tagairtí Cros  

Ach gáireann an Tiarna go fonóideach faoi, óir is eol dó go bhfuil a lá tar éis teacht.


Fógra ar an mBablóin, de réir mar taispeánadh d'Íseáia, mac Ámóz.


Féach, seo chugainn an marcshlua, na marcaigh ina mbeirt agus ina mbeirt.” Agus tháinig an freagra ar ais: “Tá sí ar lár, tá an Bhablóin ar lár, agus dealbha a cuid déithe uile ina smionagar ar talamh.”


Tabharfar don Bhablóin iad, agus beidh siad ann nó go dté mise faoina ndéin - an Tiarna a labhraíonn. Tabharfaidh mise ar ais iad ansin agus cuirfidh san áit seo iad.’ ”


An briathar a tháinig go Irimia nuair a bhí Nabúcadnazar agus a shlua uile agus ríochtaí an domhain uile faoina thiarnas agus an uile phobal ag cur cogaidh ar Iarúsailéim agus ar a bailte máguaird:


Is mar seo a deir an Tiarna: Féach, tabharfaidh mé Forann Hofra rí na hÉigipte i láimh a namhad agus i láimh na droinge a iarrann a bhás, díreach mar a thug mé Zidicíá rí Iúdá i láimh Nabúcadnazar rí na Bablóine, a namhaid a d'iarr a bhás.’ ”


An briathar a labhair an Tiarna le Irimia fáidh nuair a chuir Nabúcadnazar chun bóthair go n‑ionsóidh sé tír na hÉigipte.


Sa seachtú bliain tríochad de dheoraíocht Iahóiácaím rí Iúdá, sa dara mí déag, ar an gcúigiú lá fichead den mhí rinne Eivíl Marodac rí na Bablóine, an bhliain a tháinig sé i gcoróin, pardún fial a thabhairt do Iahóiácaím rí Iúdá agus scaoil sé ón bpríosún é.


Neartóidh mé géaga rí na Bablóine agus cuirfidh mé mo chlaíomh ina láimh; ach brisfidh mé géaga Fhorainn agus beidh gach aon chnead as i láthair a namhad amhail duine a goineadh go marfach.


Nach n‑éireoidh do chreidiúnaithe go tobann? Nach ndúiseoidh siad siúd a chuirfidh ar ballchrith thú? Ansin creachfaidh siad thú.


De bhrí gur chreach tú mórán ciníocha creachfaidh na náisiúin eile go léir thusa mar gheall ar an bhfuil dhaonna a dhoirt tú agus de dheasca an fhoréigin a d'imir tú ar an tír, ar an gcathair agus ar gach duine dá gcónaíonn inti.


Agus lean aingeal eile, an dara ceann, é á rá: “Thit an Bhablóin Mhór, thit sí siúd a thug ar na ciníocha uile fíon feirge a striapachais a ól.”


Rinne trí choda den chathair mhór, agus thit cathracha na gciníocha ar lár. Agus an Bhablóin Mhór, tháinig sí chun cuimhne i láthair Dé, d'fhonn go dtabharfaí cupán fíona chuthach feirge Dé le hól di.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí