Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 2:18 - An Bíobla Naofa 1981

18 Cén mhaith duit anois do thriall ar an Éigipt, a ól uisce na Níle? Cén mhaith duit do thriall ar an Asaír, a ól uisce na hAbhann?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

18 ¶ Agus a nois cred atá agad re a dhéanamh a slighe na Hégipte, dól uisce Sihor? nó cred atá agad re dhéanamh a slighe na Hassíria, dól uisce na habhanna?

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 2:18
18 Tagairtí Cros  

Chuir Áchaz rí fios ar ríthe na hAsaíre le teacht i gcabhair air.


agus na bóchna móire. Arbhar na Níle agus fómhar na hAbhann a rinne a saibhreas, agus bhíodh sí ag díol leis an domhan mór.


Mo léan iad siúd atá ag dul síos chun na hÉigipte ar lorg dídine, atá ag cur a muiníne i gcapaill, agus a ndóchas i líon na gcarbad agus i marcshlua neartmhar, ach nach bhfuil a súil le Neach Naofa Iosrael ar aon chor ná nár lorg comhairle an Tiarna.


Sa lá sin, beidh an Tiarna ag bearradh le rásúr a fruilíodh taobh thall den Abhainn (rí na hAsaíre); an ceann agus fionnadh an choirp, go fiú an fhéasóg is ea lomfaidh sé.


Nach guagach a thugann tú faoi mhalairt chúrsa! Ach cuirfear as do dhóchas thú ag an Éigipt díreach faoi mar cuireadh thú as do dhóchas ag an Asaír.


Cá fada a bheidh tú go stadach, a iníon mhídhílis? Óir tá ní nua á chruthú ag an Tiarna ar talamh: Rachaidh an Bhean arís ar lorg a Fir Chéile.”


Mheath ár súile orainn, ag feitheamh dúinn ar chabhair nár tugadh; bhíodh súil in airde againn ónár dtúir faire le náisiún nach bhféadfadh linn a shlánú dáiríre.


Ghéilleamar, seal do na hÉigiptigh, seal do na hAsaírigh, chun ár ndóthain bia a fháil.


Mheirdrigh tú mar an gcéanna leis na hAsaírigh toisc tú a bheith doriartha; sea, mheirdrigh tú leo agus níorbh fhéidir do shásamh.


Ach d'éirigh [an prionsa] amach agus chuir teachtaí chun na hÉigipte, ionas go dtabharfaidís capaill agus slua fear dó. An n‑éireoidh leis? An rachaidh a leithéid seo d'fhear slán? An bhfuil sé i ndán d'fhear briste an chonartha dul slán?


a thug an drochíde seo anuas ort, de bhrí gur mheirdrigh tú leis na ciníocha agus gur thruailligh tú thú féin lena n‑íola.


Nuair a bhraith Eafráim a tinneas agus Iúdá a chneá, d'imigh Eafráim chun na hAsaíre agus chuir Iúdá fios ar an [Ardrí]; ach ní féidir leis-sean sibhse a leigheas ná bhur gcneá a chneasú.


Colm baoth gan chiall is ea Eafráim; bíonn siad ag glaoch ar an Éigipt, agus is ar an Asaír a bhíonn a dtriall.


Áirítear mar fhearann Canánach ó Shíochór atá lastoir den Éigipt ó tfhuaidh go teorainn Eacrón: (tá cúigear taoiseach ar na Filistínigh, taoiseach ag Gazá, ag Aisdeod, ag Aiscileon, ag Gat, agus ag Eacrón. Tá na Havaím


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí