Is léir go bhfuil tú ag brath ar an Éigipt anois, an ghiolcach bhriste sin, bata a phriocann agus a ghoineann lámh an té a luíonn uirthi - mar sin atá ag Forann rí na hÉigipte le gach duine a bhíonn ag brath air.
Chuir Forann Neaco i gcuibhreacha é ag Ribleá i ndúiche Hamát (agus é ina rí in Iarúsailéim) agus chuir cáin céad tallann airgid agus tallann óir ar an tír.
an Tiarna a thréigean agus a shéanadh agus imeacht ar shiúl ónár nDia, a bheith ag beartú ansmachta agus ceannairce, agus ag monabhar bréaga inár gcroí.
beidh sí ina tuile ar fud Iúdá, á bhá, agus líonfaidh sí suas go dtí an muineál, agus beidh a sciatháin spréite thar leithead do dhúiche, a Ímeánuéil.”
“An briathar a tháinig go Irimia le haghaidh na nGiúdach uile a chónaíonn i gcríoch na hÉigipte atá ag cur fúthu ag Migdeol, Tachpanaes, Nof agus tír Phatros.
“Foilsígí é san Éigipt! Fógraígí i Migdeol! Fógraígí é i Nof agus i dTachpanaes! Abraigí: ‘Ag bhur bpoist! Bígí ullamh!’ óir slogann an claíomh máguaird oraibh.
Déan burla duit féin chun dul ar deoraíocht, a iníon na hÉigipte, a chónaíonn go sábháilte sa bhaile! Beidh Nof ina fhásach, go huaigneach gan áitritheoir.
Rinneadar moill faoi dhíon Heisbeon, na teifigh agus iad go traochta. Ach tháinig tine as Heisbeon, lasair as pálás Shíochon; loisc sé malaí Mhóáb, cloigeann na ndaoine ceannairceacha.
Seo mar a deir an Tiarna Dia: Scriosfaidh mé fós na híola, cuirfidh mé críoch le híomhánna Nof Fágfar an Éigipt gan taoiseach, scanróidh mé tír uile na hÉigipte.
Mar, féach, teithfidh siad leo ón léirscrios; cruinneoidh an Éigipt iad, agus tabharfaidh Meimfís adhlacadh dóibh. Beidh neantóga ina n‑oidhrí ar a n‑earraí luachmhara airgid, agus glacfaidh sceacha seilbh ar a scrínte.