Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 19:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Déanfaidh mé an chathair seo uaigneach, ina hábhar scige; beidh uafás ar an té a ghabhfaidh thairsti agus ligfidh sé fead iontais as faoina leithéid de thubaiste.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Agus do dhéana mé an chathairsi uáigneach, agus na sgige; líghfidh gach nile dhuine dá ngéabha thairis agus do dhéana sé sgige do bhrígh a huile phlághasan.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 19:8
14 Tagairtí Cros  

Agus maidir leis an Teampall seo, déanfar leachtán de; cuirfidh sé alltacht ar gach duine a ghabhfaidh thar bráid; ligfidh siad fead agus déarfaidh siad: ‘Cén fáth ar thug an Tiarna an cor seo ar an tír agus ar an Teampall seo?’


Déanfaidh siad a ndúiche uaigneach; déanfar ábhar fonóide di go deo; an té a rachaidh thairsti beidh uafás air agus craithfidh sé a cheann.


(Iarúsailéim agus bailte Iúdá, a ríthe siúd agus a bprionsaí a dhéanamh fásaigh agus uafáis díobh, agus magaidh agus mallaithe mar atá inniu);


Óir mhionnaigh mise dar mé féin - an Tiarna a labhraíonn: Beidh Bozrá ina uafás, ina scige, ina fhásach, ina mhallú, agus a bhailte uile ina bhfásach síoraí.”


Fágfaidh fíoch an Tiarna gan chónaí inti; déanfar fásach folamh di. Beidh uamhan ar an té a ghabhann thar an mBablóin; ligfidh sé fead iontais le méid na hanachaine.


Tá aos trádála na gciníocha ag fonóid fút; tháinig deireadh tubaisteach leat agus ní bheidh tú ann arís choíche.’ ”


Scriosfaidh mise, sea mise féin, an talamh i dtreo go gcuirfidh sé alltacht ar bhur naimhde a chuirfidh fúthu ann.


Choimeád tú reachtanna Omraí agus gnásanna uile theaghlach Acháb agus is í a gcomhairle siúd a lean tú. Dá dheasca sin déanfaidh mé fothrach díot agus beidh d'áitritheoirí ina gceap magaidh agus beidh orthu cur suas le maslaí na náisiún.


An í seo an chathair lúcháireach a mhaireadh go slán sábháilte agus a deireadh ina croí istigh: “Táimse ann agus níl mo chomh-mhaith ar fáil”? Cad é mar a rinneadh fothrach di agus brocach beithíoch! Gach uile dhuine a ghabhann thairsti déanann siad faíreach agus bagraíonn siad a ndoirne.


Beidh tú i do cheap uafáis, i do sheanfhocal agus i do nath i measc na gciníocha go léir ina seolfaidh an Tiarna thú.


“An ghlúin le teacht, an chlann a éiríonn suas in bhur ndiaidh, agus an coimhthíoch a thagann ón imigéin, feicfidh siad plánna na tíre úd agus na galair a leagfaidh an Tiarna air,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí