Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 19:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 Mar gheall ar an áit seo, taoscfaidh mé dea-chomhairle as Iúdá agus Iarúsailéim; tabharfaidh mé orthu titim le claíomh a naimhde, le láimh na droinge a iarrann a mbás; tabharfaidh mé a gcoirp mar bhia d'éanlaith an aeir agus do bheithígh na talún.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Agus do dhéana mé comhairle Iúdah agus Ierusalem díomhaóin annsa náitsi; agus do bhéara mé orra tuitim leis an ccloidheamh roimhe a námhuid, agus lé láimh na druinge iarrus a mbás: agus do bhéara mé a ccuirp dá mbeith na mbíadh ag éunuibh a naiéir, agus ag beáthuighibh na talmhan.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 19:7
32 Tagairtí Cros  

Caithfidh mé uaim iarmhar m'oidhreachta, agus tabharfaidh mé iad i lámha a naimhde á chur d'iallach orthu bheith mar chreach agus mar éadáil ag a naimhde go léir,


Ní sheasódh eagna ná tuiscint ná comhairle an fód in aghaidh an Tiarna.


mar sin féach, seo arís mé i gcionn éachta leo, éacht i ndiaidh éachta agus eachtra. Cuirfear eagna a lucht eagna ar ceal, tiocfaidh claochló ar éirim a lucht éirime.”


Beart má cheapann sibh, tá sé ó rath; focal má labhraíonn sibh, níl aon bhrí ann, mar tá Dia linne.


Agus má fhiafraíonn siad díot: ‘Cá rachaimid?’ inseoidh tú é seo dóibh: Is mar seo a deir an Tiarna: ‘An mhéid faoi choinne na plá, chun na plá; an mhéid faoi choinne an chlaímh, chun an chlaímh; an mhéid faoi choinne an ghorta, chun an ghorta; an mhéid fáoí choinne an bhraighdeanais, chun an bhraighdeanais!’


Gabhann laige an mháthair a rug mórsheisear, imíonn an spiorad aisti. Chuaigh a grian faoi agus an lá fós ann, fuair sí náire agus míchlú... Tabharfaidh mé an fuílleach díobh do chlaíomh a naimhde - an Tiarna a labhraíonn.”


Éagfaidh siad de ghalra marfacha, ní chaoinfear iad agus ní adhlacfar iad, beidh siad mar aoileach spréite ar an talamh; marófar iad leis an gclaíomh agus le gorta, agus beidh a gcoirp ina mbia d'éanlaith an aeir agus do bheithígh na talún.


Ar an ábhar sin seachaid a gclann mhac don ghorta; tabhair suas iad do bhéal an chlaímh. Go raibh a mná céile gan sliocht, go bhfágtar ina mbaintreacha iad. Go n‑éaga a bhfir den phlá; go dtite a n‑ógánaigh leis an gclaíomh sa chath.


Ina dhiaidh sin - an Tiarna a labhraíonn - tabharfaidh mé Zidicíá, rí Iúdá, lena sheirbhísigh agus an méid de mhuintir na cathrach seo a fágadh ón bplá, ón gclaíomh nó ón ngorta, i láimh a namhad agus i láimh na ndaoine a iarrann a mbás; buailfidh sé iad le faobhar an chlaímh, ní choigleoidh sé iad, ní mó a bheidh trua ná trócaire aige dóibh.’


Adhlacfar é le hadhlacadh asail, á tharraingt ar shiúl agus á chaitheamh amach as geataí Iarúsailéim.”


Tabharfaidh mé thú i lámha na muintire a iarrann do bhás, i láimh an dreama a bhfuil eagla ort rompu, i láimh Nabúcadnazar rí na Bablóine, i láimh na gCaildéach.


“Dá bhrí sin, is mar seo a deir an Tiarna: ‘Táim ag tabhairt na cathrach seo anois i láimh na gCaildéach, i láimh Nabúcadnazar rí na Bablóine, agus tógfaidh seisean í.


tabharfaidh mise iadsan i láimh a namhad agus i láimh na droinge a iarrann a mbás; beidh a gcorpáin mar bhia ag éanlaith an aeir agus ag ainmhithe na talún.


Tabharfaidh mé é i láimh na ndaoine a iarrann a bhás, i láimh Nabúcadnazar, rí na Bablóine, agus a sheirbhíseach. Ach amach anseo, áitreofar an Éigipt arís mar a bhí anallód - is é an Tiarna a labhraíonn.


beidh corpáin na ndaoine seo ina mbia ag éanlaith an aeir agus ag beithígh na talún, agus ní bheidh fear a ruaigthe ann.


Déanfar iad a spré i bhfianaise na gréine, na gealaí, agus slua neimhe uile, a b'ionúin leo agus dá ndearna siad fónamh, a lean siad, a n‑iarr siad comhairle orthu, agus a d'adhar siad. Ní chruinneofar ná ní adhlacfar arís iad ach beidh siad chun aoiligh ar chraiceann na talún.


Nach dána an mhaise daoibh a rá: ‘Táimid críonna, agus is againn atá dlí an Tiarna’? Féach, cé mar a falsaíodh é le peann bréagach na scríobhaithe.


Beidh náire ar na daoine críonna, beidh mearbhail orthu agus díomá. Féach, cé mar a dhiúltaigh siad do bhriathar an Tiarna! Cén tairbhe dóibh mar sin a gcríonnacht?


Cé a labhraíonn agus go ndéantar beart dá réir, mura gceadaíonn an Tiarna é?


Iompóidh mé oraibh agus buafaidh bhur naimhde oraibh. Beidh ceannas ag bhur n‑eascairde oraibh, agus teithfidh sibh gan aon duine sa tóir oraibh.


Seolfaidh mé an claíomh in bhur n‑aghaidh ag díolt an chonartha; má chruinníonn sibh ar scáth a chéile in bhur gcathracha, seolfaidh mé plá in bhur measc agus tabharfar ar láimh do bhur naimhde sibh.


An bhfuilimid ag cur an dlí ar neamhní leis an gcreideamh mar sin? Nílimid ar chor ar bith. Is ag daingniú an dlí atáimid.


Mar, más iad na daoine atá i dtaobh leis an dlí is oidhrí, tá an creideamh gan bhrí agus an gealltanas gan éifeacht.


Tabharfaidh an Tiarna isteach i mo láimh thú inniu agus leagfaidh mé ar lár thú; bainfidh mé an ceann díot; agus inniu féin tabharfaidh mé coirp shluaite na bhFilistíneach d'éanlaith an aeir agus d'ainmhithe an mhachaire, chun go mbeidh a fhios ag an domhan go léir go bhfuil Dia in Iosrael,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí