Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 15:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 “Ceithre soirt oidhe a dháilim dóibh: an claíomh do mharú, na madraí do réabadh, éanlaith an aeir agus ainmhithe na talún do shlogadh agus do dhíothú.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus óirdéochuidh misi ceithre sóirt ós a ccionn, á deir an TIGHEARNA: an cloidheamh do mharbhadh, agus na madruidh do réubadh, agus éunlaith a naiéir, agus ainmhintidh na talmhan, do shlugadh agus do mharbhadh.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 15:3
21 Tagairtí Cros  

Is é a dúirt an Tiarna: tabharfaidh mé ar ais ó Bháiseán iad; tabharfaidh mé ar ais iad ó dhuibheagáin na mara,


Fágfar ansin iad go léir le haghaidh éin chreiche na sléibhte agus ainmhithe allta na talún. Caithfidh na héin an samhradh ag gabháil dóibh, agus na hainmhithe allta an geimhreadh.


Nó an cosúil m'oidhreacht le héan breac a mbeadh an éanlaith ag bailiú anuas uirthi ó gach taobh? Tagaigí, a bheithíocha allta, cruinnígí chun slogtha.


Má throscann siad ní éistfidh mé a n‑achainí; má thairgeann siad ofráil loiscthe agus íobairt ní ghlacfaidh mé iad. Is mó is rún liom iad a scriosadh leis an gclaíomh, leis an ngorta, leis an bplá.”


“Agus maidir leis na daoine dá ndéanann siad tairngreacht, teilgfear amach iad ar shráideanna Iarúsailéim, íobartaigh an ghorta agus an chlaímh, agus ní bhfaighfidh siad fear a n‑adhlactha, iad féin ná a mná céile, ná a mic, ná a n‑iníonacha. Doirtfidh mise anuas orthu a n‑olc féin.


Éagfaidh siad de ghalra marfacha, ní chaoinfear iad agus ní adhlacfar iad, beidh siad mar aoileach spréite ar an talamh; marófar iad leis an gclaíomh agus le gorta, agus beidh a gcoirp ina mbia d'éanlaith an aeir agus do bheithígh na talún.


beidh corpáin na ndaoine seo ina mbia ag éanlaith an aeir agus ag beithígh na talún, agus ní bheidh fear a ruaigthe ann.


Chuir sé amú mé agus rinne sé ciorrú orm agus d'fhág sé treascartha tréigthe mé.


“Seo mar a deir an Tiarna: Nach mó fós a tharlóidh nuair a ghearrfaidh mé mo cheithre phionós nimhneacha ar Iarúsailéim - an claíomh, an gorta, ainmhithe allta agus an phlá - ionas go scriosfar ann gach fear agus ainmhí!


“Abair seo leo: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Dar mo bheo, na daoine atá san fhásach titfidh siad cinnte leis an gclaíomh; an fear ar an mblár folamh tabharfaidh mé do na hainmhithe allta é lena alpadh; éagfaidh lucht na ndaingean agus na bpluaiseanna leis an bplá.


ansin is mar seo a dhéanfaidh mé libh. Scaoilfidh mé uafás tobann oraibh, díth agus fiabhras a chnaíonn na súile agus a thraochann anáil na beatha. Cuirfidh sibh síol in aisce, óir is iad bhur naimhde a íosfaidh é.


Scaoilfidh mé ainmhithe allta fúibh, agus déanfaidh siad slad ar bhur leanaí agus creach ar bhur n‑eallach agus díothú ar bhur líon nó go mbeidh bhur mbóithre tréigthe.


Seolfaidh mé an claíomh in bhur n‑aghaidh ag díolt an chonartha; má chruinníonn sibh ar scáth a chéile in bhur gcathracha, seolfaidh mé plá in bhur measc agus tabharfar ar láimh do bhur naimhde sibh.


mar dhuine a d'éalódh ó leon ach gur bhuail béar leis; nó mar dhuine a rachadh isteach ina theach agus a leagfadh a lámh ar an mballa ach gur rug nathair nimhe air.


Beidh do chonablach ina bhia ag éanlaith an aeir go léir agus ag ainmhithe na talún, gan aon duine ann chun iad a ruaigeadh.


Beidh sciobóil ghorta mar airm agam; galar agus eitinn mar nimh. Seolfaidh mé fiacla géara na n‑ainmhithe allta agus nimh na n‑athracha talmhaí ina n‑aghaidh.


D'fhéach mé, agus b'shiúd an t‑each báiteach bán agus “An Bás” a ba ainm don mharcach a bhí air, agus lean Ifreann é; agus tugadh dóibh cumhacht ar an gceathrú cuid den domhan chun maraithe leis an gclaíomh, le gorta, le plá agus le hainmhithe allta na talún.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí