Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 15:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 Agus má fhiafraíonn siad díot: ‘Cá rachaimid?’ inseoidh tú é seo dóibh: Is mar seo a deir an Tiarna: ‘An mhéid faoi choinne na plá, chun na plá; an mhéid faoi choinne an chlaímh, chun an chlaímh; an mhéid faoi choinne an ghorta, chun an ghorta; an mhéid fáoí choinne an bhraighdeanais, chun an bhraighdeanais!’

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus tiucfa a ccrích, má deirid síad riotsa, Cáit a racham amach? annsin inneosa tú dhóibh, Is marso a deir an TIGHEARNA; An mhéid atá fa choinne an bháis, chum báis; agus an mhéid atá fa choinne an chloidhimh, don chloidheamh; agus an mhéid atá fa choinne na gorta, don ghorta; agus an mhéid ata fa choinne an bhraighdinis, chum braighdinis.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 15:2
18 Tagairtí Cros  

Níl agaibh ach umhlú síos i measc na gcimí, nó titim i measc na marbh. Ach níl a fhearg síothlaithe, tá a lámh sínte amach i gcónaí.


An té a theitheann ó thorann na scéine, titfidh sé sa chlais; má dhreapann sé aníos as an gclais, béarfar air sa ghaiste. Óir tá fuinneoga na bhflaitheas ar leathadh, agus bunsraith na talún ar crith.


Má throscann siad ní éistfidh mé a n‑achainí; má thairgeann siad ofráil loiscthe agus íobairt ní ghlacfaidh mé iad. Is mó is rún liom iad a scriosadh leis an gclaíomh, leis an ngorta, leis an bplá.”


“Agus maidir leis na daoine dá ndéanann siad tairngreacht, teilgfear amach iad ar shráideanna Iarúsailéim, íobartaigh an ghorta agus an chlaímh, agus ní bhfaighfidh siad fear a n‑adhlactha, iad féin ná a mná céile, ná a mic, ná a n‑iníonacha. Doirtfidh mise anuas orthu a n‑olc féin.


Éagfaidh siad de ghalra marfacha, ní chaoinfear iad agus ní adhlacfar iad, beidh siad mar aoileach spréite ar an talamh; marófar iad leis an gclaíomh agus le gorta, agus beidh a gcoirp ina mbia d'éanlaith an aeir agus do bheithígh na talún.


Mar gheall ar an áit seo, taoscfaidh mé dea-chomhairle as Iúdá agus Iarúsailéim; tabharfaidh mé orthu titim le claíomh a naimhde, le láimh na droinge a iarrann a mbás; tabharfaidh mé a gcoirp mar bhia d'éanlaith an aeir agus do bheithígh na talún.


Tá sé ag teacht chun tír na hÉigipte a bhualadh: An mhéid faoi choinne na plá, chun na plá; an mhéid faoi choinne an bhraighdeanais, chun an bhraighdeanais; an mhéid faoi choinne an chlaímh, chun an chlaímh!


Abair: ‘Is comhartha mise daoibh: mar a rinne mise déanfar amhlaidh leosan; rachaidh siad ar deoraíocht, i mbraighdeanas.’


“Seo mar a deir an Tiarna: Nach mó fós a tharlóidh nuair a ghearrfaidh mé mo cheithre phionós nimhneacha ar Iarúsailéim - an claíomh, an gorta, ainmhithe allta agus an phlá - ionas go scriosfar ann gach fear agus ainmhí!


“Abair seo leo: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Dar mo bheo, na daoine atá san fhásach titfidh siad cinnte leis an gclaíomh; an fear ar an mblár folamh tabharfaidh mé do na hainmhithe allta é lena alpadh; éagfaidh lucht na ndaingean agus na bpluaiseanna leis an bplá.


Éagfaidh trian daoibh den phlá agus den ghorta istigh, titfidh trian leis an gclaíomh máguaird, agus scaipfidh mé trian leis na gaotha uile agus an claíomh ar tarraingt agam ina ndiaidhsean.


Dófaidh tú trian di le tine i lár na cathrach nuair a bheidh tréimhse an léigir istigh; glacfaidh tú trian agus buailfidh leis an gclaíomh é timpeall na cathrach; scaipfidh tú trian leis an ngaoith agus tarraingeoidh mise an claíomh amach ina ndiaidhsean.


mar dhuine a d'éalódh ó leon ach gur bhuail béar leis; nó mar dhuine a rachadh isteach ina theach agus a leagfadh a lámh ar an mballa ach gur rug nathair nimhe air.


“Ní bheathóidh mé sibh níos mó,” arsa mise. “Cibé agaibh atá le bás a fháil, faighidís bás; díothaítear a bhfuil le díothú agus itheadh an fuílleach feoil a chéile.”


“Má tá geibheann i ndán d'aon duine, i ngéibheann a rachaidh sé. Má tá aon duine le bás a fháil le faobhar claímh, ní foláir é a bhású le claíomh. Anseo a éilítear foighne agus creideamh na naomh.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí