Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 10:19 - An Bíobla Naofa 1981

19 Mo thrua mise de bhrí mo chréachta! Tá mo chneá gan leigheas! Dúirt mé liom féin: “Is doilíos é seo d'fhéadfaí a fhulaingt;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

19 ¶ Mo thruáighe misi do bhrígh mo luit! atá mo chneadh nimhneach: acht a dúbhairt mé, Is doiligh so go deibhin, acht caithfidh mé a fhulang.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 10:19
17 Tagairtí Cros  

Saor mé ó mo chionta go léir, ná tabhair mé mar cheap magaidh don amadán.


Ar thug Dia a thrua i ndíchuimhne; ar bhuaigh an fhearg ar an taise aige? Selah


Tá mé ag fanacht leis an Tiarna, atá ag ceilt a ghnúise ar theaghlach Iacóib, is ann atá mo dhóchas.


“Abair an briathar seo leo: ‘Sileann deora ó mo shúile de lá agus d'oíche, gan scor, óir is mór é an leagan a baineadh as iníon mo mhuintire, buille rónimheanta.


Bíodh agus go bhfianaíonn ár n‑oilc inár n‑aghaidh, déan beart mar sin féin, a Thiarna, ar son d'ainm fein! Go deimhin is minic a bhíomar mídhílis, pheacaíomar i d'aghaidhse!


Ó, a Thiarna, a Dhóchas Iosrael! Beidh náire ar gach aon a thréigeann thusa, na daoine a iompaíonn uaitse sracfar ó fhréamh iad as an tír, de bhrí gur thréig siad foinsí an uisce bheo.


Tá mé faoi chrá. Tá mé ag lúbarnaíl le pian. Á, ballaí mo chroí! - Tá mo chroí á shníomh. Ní fhéadaim gan labhairt, óir chuala mé fuaim an stoic agus dreasú an chatha.


Cluinimse an screadaíl a dhéanfadh bean ag druidim le clann, íona na mná a bheireann a céad leanbh; is é screadaíl iníon Shíón é, a croí ina béal aici, a lámha uaithi amach: “Uch, a thrua mise! i gceartlár lucht marfa.”


Mar gheall ar ghortú iníon mo dhaoine tá mise gortaithe freisin, is dubhach liom mo shaol, beireann eagla greim orm.


Nach trua gan bothán fear taistil agam san fhásach,


Bíonn sí ag gol go géar goirt san oíche; bíonn a gruanna báite le caisí deor; níl aon sólásaí ar bith aici i measc a cuid leannán; d'fheall a cairde go léir uirthi; is naimhde di iad anois.


Tá linnte uisce le mo shúile de dheasca dhíothú mo phobail ionúine.


Caithfidh mé cur suas le fearg an Tiarna - mar pheacaigh mé ina choinne - go dtí go n‑agraíonn sé mo chúis agus go seasann sé ceart dom. Treoróidh sé mé chun an tsolais agus feicfidh mé na gníomhartha slánaitheacha a dhéanann sé.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí