Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 10:18 - An Bíobla Naofa 1981

18 Óir is mar seo a deir an Tiarna: “Teilgfidh mé amach anois muintir na tíre, an uair seo, agus cuirfidh mé i sáinn iad, féachaint an bhfaighidh siad ansin mé!”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

18 Oír is marso a deir an TIGHEARNA, Féuch, teilgfidh mé amach áitreabhthacha na tíre ar a nuáirsi, agus bhéara mé a ccumhgach íad, go nairighid marsin é.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 10:18
11 Tagairtí Cros  

Féach, steallfaidh an Tiarna amach thú d'aon steall amháin; tá sé ag dul i ngleic agus i ngreim leat.


Mar sin teilgfidh mé as an tír seo sibh go tír nach aithnid daoibh féin ná do bhur n‑aithreacha; déanfaidh sibh fónamh ansin do dhéithe eile, de lá agus d'oíche, agus ní thaispeánfaidh mise fabhar daoibh a thuilleadh.’


Tusa agus do mháthair a rug thú, caithfidh mé amach sibh go tír eile; ní ann a rugadh sibh ach is ann a gheobhaidh sibh beirt bás.


ní fhillfidh fearg an Tiarna go gcríochnaí, agus go gcomhlíona sé comhairle a chroí. Tuigfidh sibh é sin go soiléir sna laethanta atá ag teacht.


Tuigfidh siad mar sin gur mise an Tiarna; ní in aisce a dúirt mé go ndéanfainn an t‑olc seo orthu.”


Agus cuirfidh mé an oiread sin anró ar dhaoine go mbeidh siad ag amharcaíl rompu amhail daoine dalla, mar pheacaigh siad in aghaidh an Tiarna scaipfear a gcuid fola mar dheannach agus a gcuid feola mar aoileach.


Ach na rabhaidh agus na reachtanna ar chuir mé a gcúram ar mo sheirbhísigh, na fáithe, nár cuireadh i gcrích ar bhur n‑aithreacha iad? Dá thoradh sin rinne siad aithrí agus dúirt siad: Thug Tiarna na Slua íde orainn de dheasca ár mbealaí agus ár ngníomhartha faoi mar a bhí beartaithe aige a dhéanamh.’ ”


Cuirfidh siad léigear ort i do bhailte go léir, go dtí go dtitfidh na ballaí is airde agus is daingne, na ballaí inar chuir tú muinín ar fud do chríoch. Cuirfidh siad léigear ort sna bailte go léir ar fud do chríoch a thug an Tiarna do Dhia duit.


Má théann daoine sa tóir ort agus iarracht a dhéanamh ar thú a mharú, beidh anam mo thiarna slán i dtiach na beatha ag an Tiarna, do Dhia; maidir le hanam do naimhde, caithfidh sé uaidh iad, mar a dhéanfadh clocha as crann tabhaill.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí